Gianfranco Becchina
Is margaire seaniarsmaí Iodálach é Gianfranco Becchina a ciontaíodh san Iodáil as a bheith ag mangaireacht seaniarsmaí go mídhleathach. [1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1939 84/85 bliana d'aois Castelvetrano |
Gníomhaíocht | |
Gairm | déileálaí saothar ealaíne |
Eile | |
Ciontaíodh i | gadaíocht ealaíne (2011) |
Luathshaol
cuir in eagarRugadh Gianfranco Becchina sa bhliain 1939 sa tSicil. Tugtar Giovanni Franco Becchina air freisin.
Déileáil ealaíne
cuir in eagarIs le Becchina an dánlann Palladion Antike Kunst.[2][1] Chuir Becchina réada ealaíne ar fáil don Ashmolean,[3] an Louvre,[4] Músaem na Mínealaíne i mBostún, Músaem Ealaíne na Cathrach,[5][6][7][8] Músaem Ealaíne Ollscoil Princeton, [9] Músaem Ealaíne Toledo [10] agus Músaem J. Paul Getty, [11][12] na bailitheoirí George Ortiz,[13] Leon Levy agus Shelby White,[14] Gailearaí Merrin i Nua-Eabhrac, Noriyoshi Horiuchi, margaire seaniarsmaí na Seapáine, Dietrich von Bothmer ó Mhúsaem Ealaíne na Cathrach.[15] Chomhoibrigh sé leis na margairí ealaíne Mario Bruno agus Elie Borowsky, agus dhíol sé ábhar trí thithe ceantála Sotheby’s agus Christie’s i Londain. Uaireanta d'úsáid sé ainm cleite mar Anna Spinello (ainm pósta a dheirfiúr).
Ciontú as gáinneáil ealaíne
cuir in eagarCiontaíodh Becchina san Iodáil in 2011 as gáinneáil ealaíne.[16] Rinne sé achomharc ach seasadh leis an rialú.[17]
Réada creachta
cuir in eagarSa bhliain 2015, le linn imscrúdú ar Gianfranco Becchina agus a bhean chéile Ursula Jurascheka, d’aimsigh ruathar comhpháirteach ag póilíní na hEilvéise agus na hIodáile seaniarsmaí creachta ar luach timpeall ar dheich milliún dollar. [18][19] I mí na Nollag 2019 chomhdaigh na Stáit Aontaithe cás sibhialta inar iarradh go bhforghéillfí deilbhín móideach de chuid na Gréige-na hAtaice a bhí athshlánaithe ag an FBI agus HSI blianta tar éis é a thochailt agus a smuigleáil go mídhleathach as an Iodáil.[20] Sa bhliain 2023, mhaígh Matteo Messina Denaro, ceann feadhna ar bhuíon coirpeach san Iodáil go raibh naisc aige le Becchina ar urghabhadh a sócmhainní i dtaca leis an imscrúdú.[21][22]
Tá iarrachtaí á ndéanamh fós teacht ar sheaniarsmaí a chreach Becchina.[23]
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTuilleadh léitheoireachta
cuir in eagarUnited States v. ONE ATTIC ETRUSCAN VOTIVE STATUETTE OF A FEMALE FIGURE
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "Gianfranco Becchina".
- ↑ "Investigators, Citing Looting, Have Seized 27 Antiquities From the Met" (en-US). The New York Times.
- ↑ "British museums linked to Sicilian 'loot dealer'".
- ↑ "L’Italie réclame au Louvre sept antiquités probablement pillées" (fr-FR).
- ↑ "A New York, la justice rend à l’Italie des œuvres de l’Antiquité volées" (fr).
- ↑ "Une mafia très antique - Le Temps" (fr).
- ↑ "Près d'une soixantaine d'œuvres d'art volées rendues par les États-Unis à l'Italie" (fr).
- ↑ "More than 1000 artifacts in Metropolitan Museum of Art catalog linked to alleged looting and trafficking figures - ICIJ" (en-US).
- ↑ "New Wave of Returns: Hundreds of Looted Antiquities Recovered from the Met, Princeton and Others" (en).
- ↑ "Affaire Kalpis à figures noires étrusque – Italie et Toledo Museum of Art".
- ↑ "Getty to Return Three Major Sculptures to Italy" (en-US). The New York Times.
- ↑ "Italie: plus importante opération de récupération d'oeuvres d'art volés" (fr).
- ↑ "Itinéraire d’une antiquité volée".
- ↑ "Artifacts seized from prominent New York collector as US authorities push to return looted treasures - ICIJ" (en-US).
- ↑ "Millions of Looted Antiquities Uncovered in Raid" (en-US).
- ↑ "A stolen Etruscan vessel will be returned to Italy from United States".
- ↑ "Court upholds Italian art dealer’s conviction over rare church murals | eKathimerini.com" (English).
- ↑ "Millions of Looted Antiquities Uncovered in Raid" (en-US).
- ↑ "Largest Amount of Stolen Italian Artifacts Recovered – Italian Journal" (en-US).
- ↑ "District of Columbia | United States Files Complaint Seeking Forfeiture of Ancient Sculpture Stolen from Italy and Smuggled into the United States | United States Department of Justice" (en).
- ↑ ""Messina Denaro finanziato da un mercante d'arte". La Dia sequestra il patrimonio di Becchina" (it).
- ↑ "ITALY: Property of Becchina seized – link to Cosa Nostra" (en).
- ↑ "D.A. Bragg Announces Return of 42 Antiquities to the People of Italy" (en). “Manhattan District Attorney Alvin L. Bragg, Jr., today announced the return of 42 antiquities to Italy collectively valued at nearly $3.5 million. The pieces were recovered pursuant to several ongoing criminal investigations, and had previously been trafficked by prominent smugglers, including Giacomo Medici, Giovanni Franco Becchina, and Edoardo Almagià. Many of the pieces were passed to the disgraced British art dealer Robin Symes or sold to the collector Shelby White.”