Giolla na Naomh Ua hEidhin

Rí Uí Fhiachrach Aidhne

Rí Uí Fhiachrach Aidhne ba ea Giolla na Naomh Ua hEidhin (bás 1100).

Infotaula de personaGiolla na Naomh Ua hEidhin
Beathaisnéis
Bás1100 (Féilire Ghréagóra)

An tríú duine dá mhuintir ba ea Giolla na Naomh a rinneadh rí Aidhne de. Bhí sé i gcoróin le dhá bhliain is seasca aige, ar cheann desna réimis is faide atá fianaise ann dó i stair na hÉireann.

Sa bhliain 1055, mharaigh sé Domnhall Ruadh Ua Briain ach ní tuairiscítear an fáth.[1][2]

Sa bhliain 1067, tharla Cath Turlaigh Adhnaigh ina chuid críoch, inár maraíodh Áed in Gai Bernaig, rí Chonnacht, agus go leor eile.[3]

Adhlacadh Giolla na Naomh i gCluain Mhic Nóis.[4]

Foinsí cuir in eagar

  • Annála Uladh
  • Annála na gCeithre Máistrí
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Dan McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, Coláiste na Tríonóide.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Annála Uladh, AU 1055.1
  2. Annála na gCeithre Máistrí ACM 1055.11
  3. ACM 1067.5
  4. ACM 1100.10
Réamhtheachtaí
Mael Fabhaill Ua hEidhin
Rí Uí Fhiachrach Aidhne
1048-1100
Comharba
Aodh Ua hEidhin