Gnéasoideachas
Is éard atá i gceist le gnéasoideachas, nó oideachas gnéasachta, ná oiliúint faoi chúrsaí collaíochta, gnéis agus inscne, dírithe ar dhéagóirí go hiondúil.[1]
In Éirinn, de réir an FSS (HSE),[2] "Foghlaimíonn na daltaí cad a chiallaíonn sé a ngnéasacht a bhrath agus a chur in iúl sa chiall leathan iomlánaíoch. Cuid bhunúsach dár ndaonnacht is ea ár ngnéasacht. Áiríonn sé ár bhféiniúlacht inscne, ár gclaonadh gnéasach, ár gcaidrimh linn féin agus ár gcaidrimh le daoine eile."[3]
Conspóidí
cuir in eagarMíshuaimhneas
cuir in eagarTá daoine míchompordach go minic ag cur oideachas gnéasachta ar dhaoine óga. Ní hamháin go bhfuil sofhriotail ann faoin ghníomh féin, ach tá roinnt nathanna doiléire ann fosta a úsáidtear le tagairt a dhéanamh don oideachas gnéasachta. Úsáidtear na sofhriotail seo - the birds and the bees nó *the facts of life *- chomh minic céanna, b’fhéidir, is a úsáidtear na cinn a bhaineann le gnéas féin.[4]
Staonadh
cuir in eagarUaireanta, sna Stáit Aontaithe go háirithe, cuirtear iallach ar scoileanna deireadh a chur leis an oideachas cuimsitheach gnéasachta agus cuirtear béim ar staonadh ó ghnéas. Bunaithe ar léamh áirithe ar an Bhíobla, tá gealltanas staonadh ó ghnéas roimh phósadh mar airteagal lárnach de chuid na Críostaíochta le fada.[4][1]
Gnéasoideachas in Éirinn
cuir in eagarSa bhliain 2023, d'fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM nó NCCA i mBéarla) dréachtchuraclam Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS)[5] don tsraith shinsearach,[6][7] oideachas maidir le cúrsaí meabhairshláinte agus folláine, cúrsaí gnéasachta agus toilithe, cúrsaí pornagrafaíochta agus eile.
Tá oideachas OSPS éigeantach do dhaltaí sa tsraith shinsearach i ngach iar-bhunscoil ó 2027. Beidh ar scoileanna 60 uair an chloig múinteoireachta nó uair amháin sa tseachtain san ábhar a sholáthar do gach dalta.[8]
Conspóid
cuir in eagarMar chuid den mhír ar Chaidrimh agus Gnéasacht, tá daltaí sa gcúigiú agus sa séú bliain iarbhunscoile ag déanamh “plé ar an ngníomhaíocht ghnéasach mar chuid de chaidrimh an duine fhásta arb iad an cúram, an meas, an toil, an caidreamh collaí agus pléisiúr a thabhairt dá chéile a chomharthaí sóirt”. Tharraing na moltaí conspóid, go háirithe "Ba cheart gach ceann de na torthaí foghlama in íochtar a mhúineadh ar bhealach ina ndéantar aitheantais, caidrimh agus teaghlaigh LADTA+ a chur san áireamh..."
Gnéasoideachas i dTuaisceart Éireann
cuir in eagarTá Alliance, an SDLP, An Páirtí Glas agus Pobal seachas Brabús i bhfách le gnéasoideachas riachtanach a bhfuil bun fírinne leis.[9]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Alex Hijmans (6 Nollaig 2023). "TUARASCÁIL ÓN mBRASAÍL: B’oscailt súl don bheirt againn an seastán gnéis i lár an aonaigh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-07.
- ↑ "Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte" (as ga) (2023-11-20). Vicipéid.
- ↑ Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte / FSS nó HSE. "Oideachas Caidrimh agus Gneasachta 1". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ 4.0 4.1 Mary Beth Taylor (EAGRÁN 35 · MÁRTA 2004). "An t-oideachas cuimsitheach gnéasachta faoi ionsaí i Meiriceá (Cuid 1)" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-12-06.
- ↑ i mBéarla, Social, Personal and Health Education nó SPHE
- ↑ ncca.ie (2023). "Dréachtsonraíocht Oideachais Shóisialta, Phearsanta agus Sláinte (OSPS) na Sraithe Sinsearaí : Le haghaidh comhairliúcháin (pdf)". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ ncca.ie (2023). "Dréachtsonraíocht OSPS na Sraithe Sinsearaí : Le haghaidh comhairliúcháin (docx)". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-09-03). "Oideachas maidir le toiliú, gnéasacht & eile le bheith éigeantach" (as ga-IE).
- ↑ Cliodhna Ní Mhianáin (6 Bealtaine 2022). "Le misneach na hóige a chaith mé mo vóta den chéad uair riamh inné" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-06.