Is éard is gníomhaíocht dearfach,[1][2] ná comhionannas deiseanna a chur chun cinn, do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste. Is coincheap fairsing é, doiléir fiú uaireanta. Ach is mór idir é agus idirdhealú dearfach, mar níl aon iallach ag baint leis. Mar shampla, ó thaobh an oideachais de, is féidir freastal do riachtanais speisialta daoine (nó earnála daoine) a mbeidh de dhíth orthu, mar gheall ar a n-imthosca, saoráidí, socruithe, seirbhísí nó cúnamh.[3]

oideachas mar ghníomhaíocht dearfach, mar shampla do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste, chun comhionannas deiseanna a chur chun cinn

Tá beartanna de shaghas idirdhealú dearfach i bhfad níos coitianta sna Stáit Aontaithe ná san Eoraip, áit a mbíonn an gníomhaíocht dhearfach curtha in iúl go minic.[2] Is lú i bhfad an chonspóid a bhaineann le gníomhaíocht dhearfach, mar níl aon iallach ag baint leis de ghnáth, ach is beag éifeacht a bhíonn aige b'fhéidir.

In Éirinn

cuir in eagar

Tá gníomhaíocht dhearfach sainmhínithe san Acht um Chomhionannas Fostaíochta (1998)[4] mar bhearta arna gcothabháil nó arna nglacadh d’fhonn comhionannas iomlán a chinntiú i gcleachtas chun tionchar na míbhuntáistí a bhaineann le haon cheann de na naoi bhforas comhionannais a chosc nó a chur ar neamhní, chun sláinte agus sábháilteacht daoine faoi mhíchumas a chosaint, nó áiseanna a chruthú nó a chothabháil chun lánpháirtiú daoine den sórt sin a chosaint nó a chur chun cinn.[5]

Acht Teanga

cuir in eagar

D'fhágfaí Acht Teanga cuimsitheach nó a leithéid comhstádas ag an nGaeilge leis an mBéarla (sa státseirbhís mar shampls), agus cuirfeadh an tAcht gníomhaíocht dhearfach i bhfeidhm i gcás Gaeilgeoirí.[6]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. i mBéarla, positive action
  2. 2.0 2.1 "Positive Action vs Positive Discrimination" (en-GB). Michael Mauro. Dáta rochtana: 2024-09-09.
  3. "An Meáchan atá i Málaí Scoile" (ga). www.gov.ie (2019-10-30). Dáta rochtana: 2024-09-09.
  4. "Achtanna » Act". www.achtanna.ie. Dáta rochtana: 2024-09-09.
  5. maynoothuniversity.ie. "Polasaí Comhionannais agus Éagsúlachta Ollscoil Mhá Nuad". Dáta rochtana: 2024.
  6. Maitiú Ó Coimín (14 Feabhra 2017). "‘Tá sé mícheart mé a chur in iúl mar dhuine atá i gcoinne na Gaeilge’ – Foster" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-09.