Haiciainis na Téaváine

canúint na Haiciainise a labhraítear sa Téaváin

Is teanga Shíneach í Haiciainis na Téaváine (臺灣 Hô-ló 話, POJ: Tâi-oân Hô-ló-oē) nó Téaváinis (臺灣話, Tâi-oân-oē; 臺語, Tâi-gú(gí)). Is canúint de chuid na Sínise í, le meascán carachtar Sínise traidisiúnta agus Pe̍h-oē-jī, Min Nan na Téaváine (臺灣閩南語, Tâi-oân Bân-lâm-gú(gí)). Is í an dara teanga is mó sa Téaváin. Is cosúil le Haiciainis i Deisceart Fujian (閩南, Min Nan) í. Is craobh iomlán teangacha í an Haiciainis i gcrann ginealais na dteangacha Sínea-Thibéadacha[1].

Infotaula de llenguaHaiciainis na Téaváine

Cineálteanga
Úsáid
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Sín-Astrainéiseacha
teangacha Sín-Tibéadacha
an tSínis
Min Chinese (en) Aistrigh
Coastal Min (en) Aistrigh
Southern Min (en) Aistrigh
an Haiciainis
Tréithe
Staidéar agTaiwan studies (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-6qtik
Glottologtaib1242
Linguasphere79-AAA-jh
Cainteoirí Haiciainise atá sa Téaváin, sa bhliain 2010

Fóineolaíocht

cuir in eagar

Tháinig a córas fuaimnithe ó Haiciainis Quanzhou agus Haiciainis Zhangzhou. Braitheann líon na gconsan agus na ngutaí ar an gcanúint. Taispeánann na hábhair thíos an chanúint in Kaohsiung.

Consain Tosaigh

cuir in eagar
Consan déliopach Consan ailbheolach Consan coguasach Consan glotasach
Neamhghlórach Ghlórach Neamhghlórach Ghlórach Neamhghlórach Ghlórach Neamhghlórach
Consan srónach [m] [n] [ŋ]
Stop Consan neamhanálaithe [p] [b] [t] [k] [ɡ]
Consan análaithe [pʰ] [tʰ] [kʰ]
Aifricéad Consan neamhanálaithe [ts ~ tɕ][2] [dz ~ dʑ][2]
Consan análaithe [tsʰ ~ tɕʰ][2]
Consan cuimilteach [s ~ ɕ][2] [h]
Consan taobhach [l]
  • Aonfhoghair:
    • neamhshrónaigh: [a], [e], [i], [ɔ], [u], [ə]
    • srónaigh: [ã], [ẽ], [ĩ], [ɔ̃]
  • Ilfhoghair:
    • Défhoghair:
      • neamhshrónaigh:[ai], [au], [ia], [io], [iu], [ua], [ue], [ui]
      • srónaigh: [ãĩ] [ĩã] [ĩũ] [ũã]
    • Trífhoghair (atá in ann bheith scrónaithe): [iau], [uai]
  • Consain srónaigh siollaigh
    • [m̩], [ŋ̩]

Tá 7 gcóda inti: [m], [n], [ŋ], [p̚], [t̚], [k̚], [ʔ̚].

I gCanúint Kaohsiung, tá 7 mbuntuin, agus an dá cheann eile: an naoú tuin agus tuin neodrach.

Príomhchórais scríbhinne

cuir in eagar
 
abairt as Haiciainis le gCarachtair Han, Rómhánú, agus a measadh
 
"Ciclipéid" as Haiciainis le Siombaile Fhoghraíocht Téavánach

Sochtheangeolaíocht

cuir in eagar

Úsáideann na Téavánaigh leagan den Mhandairínis mar theanga chaighdeánach, cosúil le muintir na mórthíre, ach ní bhíonn an Mhandairínis ó dhúchas acu. Is í an tSínis an teanga is mó a labhraítear sa Téaváin inniu, ach ar ndóigh, ní aon teanga amháin í. An chuid is mó acu, labhraíonn siad an teanga ar a dtugtar "Téaváinis" (a dtugtar Haiciainis na Téaváine uirthi chomh maith) go minic. Leagan den chanúint Min Nan atá ann go bunúsach - canúint a labhraítear i ndeisceart Chúige Fujian sa mhórthír freisin.

Is minic a dhearctar ar chainteoirí na canúna seo mar ghrúpa eitneach ar leith, dream ar a dtugtar Hoklo. Thairis sin, tá an chanúint Hakka ag mionlach mór de na Téavánaigh, canúint a bhíonn á labhairt i bpobail bheaga scartha ar fud dheisceart na Síne.

Polaitíocht

cuir in eagar

Labhartar teangacha Síneacha sa Téaváin, chomh maith le teangacha na mbundúchasach. Ar an drochuair[3], tá teangacha na mbundúchasach i dtrioblóid (agus tá an teanga Shíneach Hakka á himeallú le blianta fada anuas chomh maith).

Is trí mheán na Mandairínise a fheidhmíonn córas oideachais na Téaváine, go príomha. Ní bhíonn ach cúpla uair an chloig de ranganna sna máthairtheangacha (Hakka nó Téaváinis) acu .

Tá Mandairínis na Téaváine an teanga is mó sa Téaváin agus an teanga oifigiúil sa Téaváin ó 1949. Chuir an deachtóir Chiang Kai-shek cosc iomlán ar mháthairtheangacha. Ach cuireadh deireadh leis an gcosc seo sa bhliain 1987.

Bunaíodh Cainéal Téaváinise den Seirbhís Teilifíse Phoiblí (公視台語台, Kong-sī Tâi-gí-tâi) in Iúil, 2019.

  1. "AnTuairisceoir.com". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-01-06. Dáta rochtana: 2016-09-25.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Rinneadh [tɕ], [tɕʰ], [ɕ] agus [dʑ] de [ts], [tsʰ], [s] agus [dz] roimh [i].
  3. "Stáisiún teilifíse ón Téaváin sa Ghaeltacht"