Iúpatar (pláinéad)

(Athsheolta ó Iúpatar)

Is é Iúpatar an cúigiú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras, agus an ceann is mó de na plainéid ar fad. Ba é Iúpatar (Jupiter) Rí na nDéithe ag na Rómhánaigh. Is é Iúpatar an ceathrú réad is gile sa spéir agus bhí daoine ábalta é a fheiceáil ó thús ama. D'fhéach Galileo Galilei air trí theileascóp sa bhliain 1610 agus chonaic sé go raibh ceithre ghealach aige. Tugtar gealacha Galileo orthu sin i gcónaí (Io, Europa, Ganymede agus Callisto). Ba é seo an chéad uair a chonacthas go raibh rudaí ag dul timpeall ar phláinéad eile seachas an domhan agus ba athrú réabhlóideach é ar an léargas a bhí ag daoine ar an ollchruinne go dtí sin, mar gur creideadh go raibh an domhan i lár agus gach rud eile, an ghrian san áireamh, ag dul timpeall air.

WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochIúpatar Jupiter symbol (fixed width).svg
Jupiter New Horizons.jpg
Cineál pláinéad lasmuigh, fathach gáis agus superior planet (en) Aistrigh
Eapainm Iúpatar
Réad tuismitheora An Ghrian
Réad linbh
Aois J2000.0 Edit the value on Wikidata
Sonraí fithiseach
Apoaipsis 5.458104 AU ↔ An Ghrian
816,001,807 km Edit the value on Wikidata
Pearaipsis 4.950429 AU ↔ An Ghrian
(arg (ω): 273.867)
740,679,835 km
(arg (ω): 273.867) Edit the value on Wikidata
Ais mór a 5.20336301 AU[1] agus 778,112,020 km[2]
Éalárnacht e 0.04839266[3]
Tréimhse fithiseach P 4,332.589 d[4]
Tréimhse shionodúil 398.88 d
Aimhrialtacht meán M 20.02 °[5] Edit the value on Wikidata
Claonadh i 1.304 °[6]
Fad an nód ardaitheach Ω 100.47390909 °[7]
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Fad ón Domhan 588,000,000 km (peirigí)
967,000,000 km (apaigí) Edit the value on Wikidata
Ga meánchiorcal: 71,492 km[8]
mean (en) Aistrigh: 69,911 km[9]
polar (en) Aistrigh: 66,854 km[9] Edit the value on Wikidata
Trastomhas 142,984 km[10] Edit the value on Wikidata
Leacú 0.06487[11] Edit the value on Wikidata
Dearbhméid −9.4 Edit the value on Wikidata
Méid dealraitheach (V) −1.6–−2.94 Edit the value on Wikidata
Achar dromchla 62,179,600,000 km²[12] Edit the value on Wikidata
Mais 1,898,190 Yg[13] Edit the value on Wikidata
Toirte 1,431,280,000,000,000 km³[14] Edit the value on Wikidata
Meán-dlús 1,326 kg/m³[16] Edit the value on Wikidata
Domhantarraingt dromchla meánchiorclach 23.1 m/s²[17] Edit the value on Wikidata
Dreapadh díreach (α) 17h 52m 13.68s[18] Edit the value on Wikidata
Díochlaonadh (δ) 64° 29′ 45.6″[19] Edit the value on Wikidata
Ailbéideacht 0.343 (Bond albedo (en) Aistrigh)
0.538 (geometric albedo (en) Aistrigh) Edit the value on Wikidata
Cuid de grianchóras lasmuigh Edit the value on Wikidata
Bunaithe ag

Is pláinéad gáis é Iúpatar, gan aon dromchla soladach, cé go bhfuil croílár cloiche istigh ann. Uaireanta, tugtar gásfhathaigh ar phláinéid den chineál seo sa ghrianchóras, agus tá ceithre cinn acu ann: Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún. Is iad na scamaill san atmaisféar atá le feiceáil ón domhan. Hidrigin (90%) agus héiliam (10%) ar fad atá sa phláinéad seachas blúirí bídeacha de gháis eile, uisce, agus amóinia. Tá Iúpatar 142,984 chiliméadar ar trastomhas, agus is ionann a mhais agus 317.8 domhan. Bíonn sé 778 milliún ciliméadar ón nGrian, ar meán. Tá an lá an-ghearr – 9 n-uair agus 55 nóiméad, agus tá bliain Iúpatair cothrom le 11.86 bliana de chuid an domhain. -108 °C an mheánteocht atá ann.

Tagann níos mó fuinnimh as Iúpatar i bhfoirm radaíochta ná mar a fhaigheann sé ón ghrian. Tá fáinní beaga dorcha timpeall ar Iúpatar ach níl siad le feiceáil ón domhan mar atá cuid Satarn.

Gealacha IúpatairCuir in Eagar

Príomhalt: Gealacha Iúpatair

Bhí 63 shatailít ag Iúpatar, nuair a seiceáladh an uair dheireanach é, ach bíonn cinn nua á n-aithint go minic. Is gnách folúsghlantóir an spáis a thabhairt ar Iúpatar, nó baineann sé den spás an chuid is mó de na scuabréaltaí agus de na hastaróidigh a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh don Domhan. Chonacthas sampla maith den obair seo i Mí Iúil 1994, nuair a bhuail an scuabréalta úd Shoemaker-Levy 9 faoi Iúpatar.

Struchtúr IúpatairCuir in Eagar

Ceann de na gásfhathaigh sa Ghrianchóras é Iúpatar, is é sin, níl ach croí beag solaid ann agus gás nó leacht ina thimpeall. Is é an ceann is mó de na pláinéid sa Ghrianchóras, nó tá sé 142,984 chiliméadar ar trastomhas ag an meánchiorcal. Tá Iúpatar 1.326 g/cm³ ar dlús, rud a chiallaíonn go bhfuil sé ar an dara pláinéad is dlúithe de na gásfhathaigh, ach ar ndóigh, tá na pláinéid domhanchosúla (an Domhan, Mearcair, Véineas, agus Mars) níos dlúithe ná Iúpatar.

Tá uachtar an atmaisféir ar Iúpatar comhdhéanta as hidrigin agus héiliam - is í an hidrigin an comhábhar is mó, agus ní sheasann an héiliam ach do 8-12 % den chomhdhéanamh. Nó sin é an céatadán de réir líon na móilíní. Scéal eile é go bhfuil adamh an héiliam níos troime ná móilín na hidrigine. De réir mhais na n-adamh, tá 75 % hidrigin agus 25 % héiliam ann, a bheag nó a mhór. Ag tuirlingt anuas san atmaisféar dúinn, áfach, gheobhaidh muid romhainn comhdhéanamh is casta ná sin, nó tá dúile níos troime thíos ansin, timpeall ar 5 % den iomlán. Is féidir, mar sin, iarsmaí de chomhdhúile a aithint in íochtar an atmaisféir a bhfuil sileacan, fosfar, carbón, ocsaigin, nítrigin nó dúile eile iontu: meatán CH3CH3, uisce H2O, amóinia NH3, foisfín PH3, agus a lán eile. Amuigh ar fhorimeall an atmaisféir, arís, aithnítear criostail shioctha amóinia. Thaispeáin na gathanna ultraivialaite agus infridhearga go bhfuil hidreacarbóin sách casta, ar nóis na beinséine, ann chomh maith.

Creidtear go bhfuil comhdhéanamh an atmaisféir ar Iúpatar an-chosúil le réaltnéal na gréine fadó - an réaltnéal as ar fáisceadh na pláinéid in imeacht na milliún bliain. Scéal eile, áfach, go bhfuil an neon i bhfad níos teirce ansin ná sa Ghrian, agus an héiliam féin beagáinín níos gainne.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. ISBN-10: 0387987460.
  2. ISBN-10: 0387987460.
  3. URL tagartha: http://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html.
  4. URL tagartha: http://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html. Dáta rochtana: Deireadh Fómhair 6, 2010. URL Cartlann: http://www.peeep.us/9725d0ea. Archive date: Deireadh Fómhair 16, 2010.
  5. URL tagartha: https://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html.
  6. URL tagartha: http://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html.
  7. Ráite i: Keplerian elements for approximate positions of the major planets. Teanga an tsaothair nó an ainm: An Béarla. Dáta foilsithe: Feabhra 15, 2015.
  8. URL tagartha: http://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html.
  9. 9.0 9.1 "Report of the IAU Working Group on Cartographic Coordinates and Rotational Elements: 2009" (in An Béarla) (Nollaig 4, 2010) (2): 101-135. doi:10.1007/S10569-010-9320-4. 
  10. Ráite i: Regents Exams and Answers: Earth Science--Physical Setting 2020. Leathanach: 419.
  11. URL tagartha: http://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html.
  12. URL tagartha: https://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html.
  13. URL tagartha: http://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html.
  14. URL tagartha: https://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html.
  15. URL tagartha: http://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html.
  16. URL tagartha: https://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html.
  17. URL tagartha: https://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html.
  18. URL tagartha: https://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html.
  19. URL tagartha: https://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/jupiterfact.html.
athraigh An Grianchóras
An GhrianMearcairVéineasAn GhealachAn DomhanMarsPhobos agus DeimosCeiréasAn príomhchrois astaróideachIúpatarGealacha IúpatairSatarnGealacha ShatairnÚránasGealacha ÚránaisNeiptiúnGealacha NeiptiúinPlútónGealacha PhlútóinHaumeaGealacha HaumeaMakemakeCrios KuiperErisDysnomiaAn diosca scaiptheScamall HillsScamall Oort 
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris