Iaidíd airgid
Comhdhúil neamhorgánach is ea iaidíd airgid leis an bhfoirmle AgI. Tá an chomhdhúil ina solad geal buí, ach is minic go mbíonn eisíontaisí d'airgead miotalach i samplaí a thugann dath liath di. Tarlaíonn an truailliú airgid toisc go bhfuil AgI an-fhótamhothálach. Baintear leas as an airí seo i ngrianghrafadóireacht airgid-bhunaithe. Úsáidtear iaidíd airgid freisin mar antaiseipteán agus i síolú scamall.
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 233.80957 Da |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | AgI |
SMILES canónta | Model 2D [Ag]I |
InChI | Model 3D |
Airí | |
Móimint leictreach dhépholach | 5.1 D |
Pointe leáite | 552 °C 558 °C |
Fiuchphointe | 1,506 °C (a 101.325 kPa) |
Móimint leictreach dhépholach | 5.1 D |
Eantalpacht chaighdeánach an fhoirmithe | −62.4 kJ/mol |
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () |
Struchtúr
cuir in eagarBraitheann struchtúr iaidíde airgid ar an teocht:[1]
- Faoi 420 K, tá an β-phas d' AgI, leis an struchtúr vuirtsíte cobhsaí. Tugtar iadairgirít ar an chéim seo den mhianraí sa nádúr .
- Os cionn 420 K, éiríonn an α-phas níos cobhsaí. Tá struchtúr na móitífe seo corp-lárnaithe ciúbach a bhfuil na hionaid airgid a dáilithe go randamach idir 6 láithreáin ochtaihéidreach, 12 teitrihéidreach agus 24 tríogánach.[2] Ag an teocht seo, is féidir leis na hiain Ag+, bogadh go tapa tríd an soladach, ag ligean mear-ian sheoladh. Léiríonn an t-aistriú idir na foirmeacha β agus α leá na fothlaitíse airgid (caitian). Tá eantrópachta an chomhle i gcomhair α-AgI thart ar leath na heantrópachta den clóiríd sóidiam (soladach ianach tipiciúil). Is féidir é seo a réasúnú ag smaoineamh go bhfuil an laitís chriostalta AgI "leáite go pointe áirithe " cheana san aistriú idir na polamoirf α agus β.
- Bíonn y-phas meiteachobhsaí ann chomh maith faoi bhun 420 K leis an struchtúr sincbhleinde.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Binner, J. G. P. (2006). "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}" (PDF). Journal of Thermal Analysis and Calorimetry 84 (2): 409–412. doi: .
- ↑ Hull, Stephen (2007). "Superionics: crystal structures and conduction processes". Rep. Prog. Phys. 67: 1233–1314. doi: .