Ibn Battuta

scoláire agus taiscéalaí Maracach sa 14ú haois

Taiscéalaí, scoláire agus breitheamh Maracach ba ea ibn Baṭūṭah[1] (Araibis: أبو عبد الله محمد بن عبد الله اللواتي الطنجي بن بطوطة‎), 24 Feabhra 1304 – 1368/1369 ((779 AH)).

Ibn Battuta
Ibn Battuta Mall on 2 June 2007 Pict 3.jpg
Saol
Eolas breitheTangier, 24 Feabhra 1304
Teanga dhúchaisAn Araibis
Básluach anaithnid, thart ar 1369, 1378
Muintir
Céile/Céilífirst wife of Ibn Battuta (en) Aistrigh  (1325 -
Oideachas
TeangachaAn Araibis
An Pheirsis
An Tuircis
Gairm
Gairmtaiscéalaí, tíreolaí, scríbhneoir, cartagrafaí, qadi (en) Aistrigh, ceannaí, taistealaí agus dlí-eolaí Ioslamach
Saothar iomráiteachThe Rihla (en) Aistrigh
Cleamhnú
ReiligiúinAn tIoslam
1325-1326

SaolCuir in Eagar

 
1332-1346

Rugadh Ibn Battuta (ابن بطوطة), nó Shams ad-Din, i Tangier, Maracó sa bhliain 1304. Ba Bheirbeirigh iad a mhuintir.[2] D'éirigh sé ina scoláire Ioslamach.

D'fhág sé a thír dhúchais nuair nach raibh ach 21 bliain slánaithe aige. Duine a lean an madh'hab Maliki (atá i measc na ngluaiseachtaí Sunnaíoch maidir leis an dlí Ioslamach) chaith sé roinnt blianta ag staidéar i Meice.

 
1349-1354

Chaith sé 30 bliain ag taisteal ar fud na dtíortha Moslamacha agus go críocha eile freisin (an Afraic Thuaidh, Rinn na hAfraice, Iarthar na hAfraice, Deisceart na hEorpa agus Oirthear na hEorpa, an Meánoirthear, an Áise Theas, Lár na hÁise, Oirdheisceart na hÁise agus an tSín) - breis is 120,000 km.

Cuimhnítear air mar gheall ar a shaothar 𝑹𝒊𝒉𝒍𝒂 (Na Taistil) a thugann scéal na dtríocha bliain beagnach a raibh sé ag taisteal i bpríomhthíortha Ioslam ag an am agus níos faide i gcéin ná sin, ag fágáil ceann de na cuntais is tábhachtaí ar na dálaí i gcodanna móra den Afraic agus den Áise sa tréimhse sin (fiú mura féidir iontaoibh a chur ann go hiomlán). I roinnt áiteanna, ar ar thug sé cuairt, bhí Ibn Battuta ina bhreitheamh agus is minic a bhaineann an insint leis na deacrachtaí rialacha an shari'a a chur i bhfeidhm ar imeall an domhain Ioslamaigh.

 
cuntas Ibn Battuta de chuid Ibn Juzayy. Sa Leabharlann na Fraince inni.

D'fhill sé ar Mharacó sa bhliain 1354. Bhí sé ina bhreitheamh ansin go dtí go bhfuair sé bás sa bhliain 1368 nó 1369 (779 AH).

Féach freisinCuir in Eagar


TagairtíCuir in Eagar

  1. Abū ‘Abd Allāh Muḥammad ibn ‘Abd Allāh al-Lawātī al-Ţanjī ibn Baṭūṭah
  2. Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Ibn Battuta". Dáta rochtana: 2022.