Bua na fáistine ab ea Imbas forosnai a raibh ar a gcumas ag filid na hÉireann ársa.

Sanasaíocht cuir in eagar

As Sean-Ghaeilge, is é Imbas[1] go litriúil ná "imm"[2] (réamh-mhír threise, an-, mór-, srl.) agus "fios" ("imfhios" nó "iomas" sa Nua-Ghaeilge), le brí mar sin, "mór-eolas", agus dá réir sin "inspioráid" nó tinfeadh, go háirithe an tinfeadh beannaithe fileata a creideadh a raibh ar a gcumas ag filí aislingeach na hÉireann ársa.

Is é brí le For-osna[3] ná "soilsithe" nó "a thugann léargas".

Nós cuir in eagar

Déantar cuir síos ar chleachtaí an Imbas forosnai i Sanas Cormaic agus san Fhiannaíocht.

De réir nósanna ársa Ceilteacha, ba í an fhilíocht an príomhbhealach d'fhírinne dhiaga. Déanann téacsanna Gaelacha idirdhealú idir gnáth-fhilíocht, nach mbíodh inti ach bua foghlamtha, agus filíocht spreagtha, a chreidtí gur thíolacadh óna déithe Ceilteacha í. Ag cleachtadh an Imbas forosnai, théadh an cleachtóir i mbun díthe céadfaí chun dul i dtámh agus freagra nó tuar a fháil.

Tá cleachtadh an imbas forosnai á ath-bheochan ag ath-thógálaithe Ceilteacha.

Foinsí cuir in eagar

  • Nora K. Chadwick: Imbas forosnai. In: Scottish Gaelic Studies, Inneachar 4, 1935, ll. 97—135.
  • James MacKillop. "Imbas forosnai." A Dictionary of Celtic Mythology. 2004.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1 imbas, imbus
  2. [dil.ie/27636 2 imm]
  3. for-osna