Imoibreoir modúlach beag

Is éard atá i gceist le himoibreoirí modúlacha beaga (IMBanna) ná áicme bheartaithe d'imoibreoirí eamhnacha núicléacha, atá níos lú ná imoibreoirí núicléacha traidisiúnta, ar féidir iad a thógáil in aon láthair amháin (amhail monarcha), agus ansin iad a sheoladh, a choimisiúnú agus a oibriú ar shuíomh ar leith. Tagraíonn an téarma IMB don mhéid, don acmhainn agus don tógáil modúlach amháin, ní don chineál imoibreora agus don phróiseas núicléach a chuirtear i bhfeidhm. Tá idir leaganacha de dhearaí reatha atá laghdaithe síos agus de dhearaí 'glúin IV' i gceist. Tá imoibreoirí teirmeacha-neodrón agus imoibreoirí neodrón araon molta, mar aon le samhlacha d'imoibreoirí gásfhuaraithe agus salainn- leáite.[1]

Léiriú ar imoibreoir modúlach beag éadromuisce núicléach (IMB)

Tagairtí cuir in eagar

  1. Berniolles (2019-11-29). “De-mystifying small modular reactors” (en-GB). Sustainability Times. Dáta rochtana: 2020-04-16.