Is músaem, institiúid taighde agus ionad oiliúna in Iarúsailéim í Institiúid an TeampaillMachon HaMikdash in Eabhrais (Eabhrais: מכון המקדש). Yisrael Ariel a bhunaigh í sa bhliain 1987. Tá an institiúid tiomnaithe do Theampall Naofa na nGiúdach: Chéad agus Dara Teampall na staire agus an Tríú Teampall. Rinne an Raibí Ariel pleananna an Teampall a atógáil ar Chnoc an Teampaill, suíomh an chéad dá theampall. Cuspóir conspóideach é seo toisc áiteanna naofa Moslamacha a bheith ar an gcnoc céanna, Cruinneachán na Carraige mar shampla. Déanann an Institiúid taighde agus athdhéanamh ar réada agus éadaí deasghnácha a bhíodh in úsáid sa dá sheanteampall anallód, de réir an Bhíobla.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Institiúid an Teampaill
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(he) מכון המקדש
Sonraí
CineálMúsaem
Foirgníocht1987 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla1987 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinIarúsailéim, Iosrael
SuíomhIarúsailéim
Map
 31°46′32″N 35°13′59″E / 31.7755°N 35.2331°E / 31.7755; 35.2331
Suíomh gréasáin oifigiúiltempleinstitute.org
Facebook: The-Temple-Institute-22738684968 Twitter: TempleInstitute Instagram: templeinstitute Youtube: UCghVe4Fu-A9iI2HNabdTZiA Cuir in eagar ar Wikidata

Naisc sheachtracha cuir in eagar