Ionad Comhairle Dlí Saor in Aisce

Bunaíodh an tIonad Comhairle Dlí Saor in Aisce sa bhliain 2004 trí pháirtíocht idir Conradh na Gaeilge agus FLAC (Free Legal Advice Centres). Is éard atá i gceist ná go gcuireann abhcóidí agus aturnaetha le Gaeilge seirbhís chomhairle dlí ar fáil saor in aisce in ionaid i mBaile Átha Cliath agus i gCathair na Gaillimhe.[1] D'eascair roinnt cúiseanna suntasacha as obair an Ionaid, go háirithe Ó Gribín v. An Chomhairle Mhúinteoireachta [2008] 3 I.R. 266.[2]

Tagairtí cuir in eagar