Isabelle Pierre
Amhránaí agus láithreoir ó Québec is ea Isabelle Pierre (née Nicole Lapointe) (rugadh 9 Meitheamh 1944).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (fr) Nicole Lapointe 11 Meitheamh 1936 88 bliana d'aois Rouyn-Noranda (Ceanada) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, beochantóir, maisitheoir, pionsalóir |
Tréimhse oibre | 1956 – 1974 |
Seánra | Bailéad, popcheol agus Amhránaíocht Fraincise Québec |
Uirlis | Ceol gutha |
Lipéad ceoil | Select (1965–1968) Barclay (1969–1974) |
Tharraing Isabelle Pierre clú uirthi féin mar amhránaí in Québec sna 1960í agus i dtús na 1970í. Níor fhan sí i mbun na hamhránaíochta ar feadh i bhfad agus d’éirigh go maith léi, go háirithe de bharr na n-amhrán a thug an scríbhneoir Stéphane Venne di.
I 1963 thaibhrigh sí i gclubanna ceoil agus ghlac páirt i gcomórtais d’amhránaithe amaitéaracha. D’eisigh sí albam i 1965 a raibh fáilte mhór roimhe. I 1969 rinne sí conradh le Barclay Records (Ceanada) agus bhuail le Stéphane Venne, scríbhneoir a sholáthair a lán amhrán cheana do Renée Claude.
Bhí rath mór ar a cuid ceolchoirmeacha sna 1970í agus ar na dioscaí a chuir sí amach. I 1974 tháinig a halbam deireanach, J'm'appelle Nicole Lapointe, amach (bhí socair aici ar iompú arís ar a hainm baiste), ach ní raibh an sean-rath air. D’éirigh sí as an amhránaíocht ina dhiaidh sin agus chuir amach a cuid amhrán ar dhlúthdhioscaí i 1997 agus i 2004.
Albaim
cuir in eagar- 1965 : Isabelle Pierre, Volume 1 (Disques Sélect) (atheisúint 2013, Musicor)
- 1971 : Heureuse (Barclay)
- 1972 : Le temps est bon (Barclay)
- 1973 : Ballade pour Sergio Leone - Les grands succès d'Isabelle Pierre (Barclay)
- 1974 : J'm'appelle Nicole Lapointe (Barclay)
Cnuasacha
cuir in eagar- 1997 : Les refrains d'abord
- 1997 : Collection Portrait
- 2004 : Isabelle Pierre
Le cloisteáil
cuir in eagar- Isabelle Pierre - Les enfants de l'avenir (1970) [1]
- Isabelle Pierre - Évangéline (1971) [2]