Isibeul Ní Mhic Chailín

File agus bean uasal de chuid na hAlban sa 16ú haois ba ea Isibeul Ní Mhic Chailín, Cuntaois Earra-Ghàidheal (Oirear Ghael). Rugadh í c. 1499 do Ghilleaspuig, an dóú hIarla Earra-Ghàidheal (a maraíodh ag Cath Flodden sa bhliain 1513), agus d'Ealasaid Stiùbhart, agus phós sí an dóú hIarla Chaiseil (Cassillis), fear a maraíodh ag Preastabhaig sa bhliain 1527.[1][2]

Infotaula de personaIsibeul Ní Mhic Chailín

Scríobh sí i nGaeilge liteartha a linne, canúint a bhí ina teanga choiteann ag lucht léinn na hAlban agus na hÉireann. Luaitear trí dhán léi i Leabhar Deadhan Lios Móir: 'Atá fleasgach ar mo thí', 'Éistibh, a lucht an tighe-se' agus 'Is mairg dá ngalar an grádh':

Mairg darab galar an grádh
gibé fáth fá n-abraim é;
is deacair sgaradh re a páirt;
truagh an cás a bhfuilim féin... [3]

Tugann an t-údar le fios sa dán Éistibh, a Luchd an Tighe-se go bhfuil méid agus cumhacht faoi leith ag bod shagart na cúirte. Cé go bhfuil sé ráite ag scoláirí áirithe nach cinnte gurb í Isibeul a chum an dán gáirsiúil seo, maítear freisin nach bhfuil bunús leis an amhras sin.[4]

  1. Lady Isabel Campbell (b. 1499): http://familytreemaker.genealogy.com/users/r/o/b/Jimmie-Lee-Robbins-MS/WEBSITE-0001/UHP-0075.html Curtha i gcartlann 2014-10-22 ar an Wayback Machine
  2. George Henderson: ‘The Literature of the Highlands 1500 – 1745’: Electric Scotland http://www.electricscotland.com/history/home9.htm
  3. Ó Rathile, Tomás. Uimhir 54, Dánta Grádha. Cló Ollsgoile Chorcaí 1976 (an tríú heagrán). ISBN 0-902561-09-X
  4. Clancy 1996.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  • Quiggin, E.C. (1937). Poems from the Book of the Dean of Lismore. Cambridge University Press.
  • Clancy, Thomas Owen, 'Women Poets in Early Medieval Ireland: Stating the Case' in C.E. Meek & M.K. Simms (eag.), The Fragility of her Sex, Four Courts Press, 1996
  • Dorgan, Theo & Malcolm Maclean (eag.) (2008). An Leabhar Mór/The Great Book of Gaelic. O'Brien Press.