Is treabhsar neamhfhoirmeálta de ghnáth, déanta as deinim go minic, é jíons.

Jíons

Stair cuir in eagar

 
501

Tháinig na chéad jíons gorma, déanta as deinim, ar an bhfód sa bhliain 1871 i gCalifornia.[1] Dhear an táilliúir Jacob W. Davis iad i gcomhpháirt le Levi Strauss & Co. Déanadh iad a olltáirgeadh go saor tamall ina dhiaidh.

Sna 1930idí, chonaic Levi Strauss & Co. deiseanna fiontraíochta nua agus cúlú eacnamaíochta sna Stáit Aontaithe ag an am. I mí Mheán Fómhair 1934, thosaigh Levi Strauss ag díol "Lady Levi’s jeans", na chéad jions do mhná thar an gcuntar.[2]

Inniu tá rogha ollmhór ar fáil idir stileanna agus dathanna agus iad an-difriúil óna chéile.[3]

 
Leigh Jones, 2009

Athchúrsáil cuir in eagar

Tá jíons athchúrsáilte curtha curtha ar an margadh le déanaí. Ní hé Levi Strauss an t-aon bhranda atá ag cur jíons inbhuanaithe ar an margadh na laethanta seo. Úsáidtear cadás saibhrithe orgánach iontu agus circulose, ábhar éadaigh atá athchruthaithe as jíons seanchaite. Baintear úsáid as níos lú uisce agus níos lú ceimiceán i dtáirgeadh na jíons seo freisin.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Lynn Downey (204). ""A Short History of Denim"". Dáta rochtana: 2021.
  2. "Celebrating 80 Years of Women’s Jeans" (en-US). Levi Strauss & Co (2014-09-04). Dáta rochtana: 2021-09-07.
  3. Sara Ní Chuirreáin (2020). "Seacht rogha jíons ó €30 go €130" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-09-07.
  4. Sara Ní Chuirreáin (2020). "T-Léine nua inbhuanaithe ar fáil atá déanta as plaisteach athchúrsáilte" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-09-07.