Jean Froissart

scríbhneoir Francach

Jean FroissartJehan Froissart (c. 1337 – tar éis 1404) ar dhuine de na croinicithe Francacha is tábhachtaí de chuid na meánaoiseanna. Tá aitheantas faighte ag Croinicí Froissart le fada an lá mar an saothar is mó a thugann léargas ar an athbheochan ridiriúil sa Fhrainc agus i Sasana sa 14ú haois. Lena chois sin tá na Croinicí ar na foinsí is fearr maidir leis an gcéad chuid den Chogadh Céad Bliain.

Infotaula de personaJean Froissart

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 1337
Valenciennes, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Básc. 1410
72/73 bliana d'aois
Chimay Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcroiniceoir, file, scríbhneoir, canónach, staraí, araltach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaSean-Fhraincis
Saothar
Saothar suntasach

IBDB: 111692
Musicbrainz: ed00ee10-68db-4f0c-adaa-89f9503215cc Project Gutenberg: 5170 Cuir in eagar ar Wikidata
 
Dealbh Froissart sa Louvre

Is beag an t-eolas atá againn ar bheatha Froissart agus pé eolas atá ann tá sé le fáil sna croinicí féin agus ina chuid filíochta. Rugadh é in Valenciennes i gContae Hainaut. Is dócha gur phéintéir armas ba ea a athair. Ar tús chuaigh Froissart le gnó ach is gearr gur thosaigh sé á ullmhú féin i gcomhair na sagartachta mar ba mhian lena athair.[1] B’fhearr le Froissart an saol neamheaglaiseach, áfach, agus d’iompaigh ar an bhfilíocht in aois a cheithre bliana is fiche, rud a thug é chun cúirt Philippa de Hainaut, bean chéile Éadbhard III Shasana, ina staraí oifigiúil. An tuairisc a thug sé ar an tréimhse úd, idir 1361 agus 1369, cheangail sé í leis an tuairisc a thug sé ar na rudaí eile a chonaic sé sa chéad leabhar de na Chroniques.

Shiúil sé Sasana, Albain, an Bhreatain Bheag, an Fhrainc, Flóndras agus an Spáinn agus é ag cruinniú ábhair. Thug sé cuairt ar an Iodáil freisin agus é ina aoi ag bainis Lionel d’Anvers, mac Philippa, agus Violante, iníon Galeazzo II Visconti, ag Milano.

Tar éis fhoilsiú an chéad leabhar agus bhás Philippa, lean sé air ag obair ar na croinicí faoi choimirce a lán tiarnaí eile.[2].

Fuair sé beathúnas cille Estinnes, sráidbhaile a bhí gar do Binche, agus ceapadh mar chanónach Chimay é, rud a d’fhág ina shuí go te é.

D’fhill sé ar Shasana i 1395 ach is cosúil gur tháinig díomá air faoi na hathruithe a chonaic sé ann agus a mhill faoin ridireacht, dar leis. Ní fios cén uair ná cén áit a bhfuair sé bás, ach dealraíonn sé gur cailleadh é i Mainistir Sainte-Monégonde i Chimay.

Scéal ó Éirinn

cuir in eagar

Henry Castide luaite sa tríú leabhar den Chroinic. Bhuail Froissart le Castide i Sasana i 1394 agus é ar lorg eolais ar fheachtas Risteard II Shasana in Éirinn an bhliain sin. In Éirinn a chaith Castide a óige agus bhí Gaeilge, Béarla agus Fraincis ar a thoil aige. Fiú agus é ina chónaí i Sasana bhí sé de nós aige Gaeilge a labhairt le clann a chlainne.

Ní hí a chuid filíochta is mó a chuir clú ar Froissart ach a Chroinicí agus iad ar maireachtaint i mbreis is céad lámhscríbhinn mhaisithe. Ar na lámhscríbhinní is fearr maisiú tá Lámhscríbhinn Gruuthuse.

Tá na Croinicí scríofa i stíl bheoga fhuinniúil agus iad lán de scéalta atá neamhchruinn minic go leor. Bhí siad le léamh ag lucht oilte Angla-Fhlóndrach agus, ar nós a lán croinicí meánaoiseacha, tá siad scríofa de réir leas na bpátrún, go háirithe Éadbhard III, a bhfuil an smál glanta de mhíthrócaireacht a chuid saighdiúirí. Ní scagann Froissart a chuid foinsí.[3] Tá a leagan den stair bréagnaithe ag croinicithe de chuid chúirt na Fraince ar nós Cuvelier.[4]

Gailearaí

cuir in eagar

Íomhánna ó Chroinicí Froissart. Loyset Liédet a rinne iad go léir, mura gcuirtear a mhalairt in iúl.

  1. Bernard Guenée (2008). Du Guesclin et Froissart: La fabrication de la renommée. Tallandier, lch 237.
  2. Jean Froissart in Arlima
  3. Peter F.Ainsworth, “Rois, reines et capitaines : échos de parti-pris dans quelques manuscrits des Chroniques de Froissart” in Actes du colloque international Jehan Froissart (Lille 3-Valenciennes, 30 septembre-1er octobre 2004), éd. M.-M. Castellani et Ch. Herbin, Perspectives Médiévales, Société de langues et de littératures médiévales d'oc et d'oïl (Páras, 2006), lch 9-51
  4. File oifigiúil chúirt Shéarlas V na Fraince: féach Chronique de Bertrand du Gueselin par Cuvelier, trouvère, E. Charriere, 1839.
  • Siméon Luce, Chroniques de J. Froissart, Renouard Paris, 1869
  • Maurice Wilmotte, Froissart, Éditions La Renaissance du livre, 1944
  • Peter Ainsworth, “Froissart, Jean,” in Graeme Dunphy, Encyclopedia of the Medieval Chronicle, Leiden, Brill, 2010, lgh 642–645. ISBN|90-04-18464-3
  • Cristian Bratu, “Je, aucteur de ce livre: Authorial Persona and Authority in French Medieval Histories and Chronicles,” Authorities in the Middle Ages. Influence, Legitimacy and Power in Medieval Society, curtha in eagar ag Sini Kangas, Mia Korpiola, agus Tuija Ainonen (Berlin/New York: De Gruyter, 2013), 183-204.
  • Cristian Bratu, “Clerc, Chevalier, Aucteur: The Authorial Personae of French Medieval Historians from the 12th to the 15th centuries,” Authority and Gender in Medieval and Renaissance Chronicles, curtha in eagar ag Juliana Dresvina agus Nicholas Sparks (Newcastle upon Tyne: Cambridge Scholars Publishing, 2012), 231-259.
  • Froissart dans sa forge : actes du colloque réuni par Michel Zink à Paris du 4 au 6 novembre 2004, Paris, Académie des inscriptions et belles lettres, diffusion de Boccard, 2006, 238 p., ISBN 2-87754-180-0, présentation en ligne.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar