Joe DiMaggio

Imreoir daorchluiche lár páirce Meiriceánach

Imreoir daorchluiche lár páirce, agus duine de mhórlaochra na Stát Aontaithe sa 20ú haois, ab ea Joseph Paul DiMaggio,Joe DiMaggio,[1] leis an leasainm "Joltin 'Joe" agus "The Yankee Clipper" (25 Samhain 1914 - 8 Márta 1999). Áirítear go forleathan DiMaggio ar dhuine de na himreoirí ab fhearr riamh. D'imir sé 13 bliana ar fad sa tSraith Mhór (Major League Baseball (MBL) ) do Yankees Nua-Eabhrac. Ach b’fhéidir go bhfuil aithne níos fearr air mar gur éirigh leis 56 cluiche a bhuachan as a chéile (15 Bealtaine - 16 Iúil 1941).[2][3]

Infotaula de personaJoe DiMaggio

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(it) Giuseppe Paolo DiMaggio
25 Samhain 1914
Martinez, California Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Márta 1999
84 bliana d'aois
Hollywood, Florida, Florida Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse scamhóg)
Áit adhlacthaHoly Cross Cemetery (en) Aistrigh, Section I, Row 11 Area 6/7 37°40′17″N 122°26′45″W / 37.67131°N 122.44585°W / 37.67131; -122.44585 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síGalileo Academy of Science and Technology (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
LámhcheannasDeasógacht
Gníomhaíocht
Gairmimreoir daorchluiche Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre3 Bealtaine 1936 –  30 Meán Fómhair 1951
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Tír spóirtStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtdaorchluiche Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith spóirtMajor League Baseball (en) Aistrigh
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtCenter fielder (en) Aistrigh
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
1936–1942 Yankees Nua-Eabhrac
1946–1951 Yankees Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileDorothy Arnold (1939–1944), colscaradh
Marilyn Monroe (1954–1955), colscaradh Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínDom DiMaggio agus Vince DiMaggio
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinjoedimaggio.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0227154 Musicbrainz: 79f0fa50-572e-4323-890d-26a356bd48de Discogs: 1517513 Find a Grave: 4701 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

I San Francisco a saolaíodh é, duine de theaghlach iascairí de bhunadh na hIodáile.

 
Plaic Yankees
 
San Francisco Seals. 1933
 
1954 le Marilyn Monroe

Spórt cuir in eagar

Thug sé a shaol imeartha ar fad leis na New York Yankees (1936-1951).

Le linn an achair sin, bhuaigh Na Yankees an World Series naoi n-uaire, fuair DiMaggio gradam All Star as na trí shéasúr déag a d’imir sé (chaith sé dhá bhliain san arm le linn an Dara Cogadh Domhanda), gan trácht ar ghaisce eile atá fós gan sárú. Sa mbliain 1941, d’éirigh Joe dul chomh fada le ‘first base’ ar a laghad, i 56 daorchluiche as a chéile.

Ba laoch é DiMaggio i súile an phobail, idir íseal agus uasal.[3] I Márta na bliana 1998, thug Time le chéile a raibh beo de na daoine a bhí ar chlúdach na hirise sin le 75 bliain, Joe san áireamh.

Pósadh cuir in eagar

i 1954, agus é éirithe as an imirt, phós sé Marilyn Monroe, an réalt scannán ba chlúití i Hollywood ag an am. Ní raibh mórán barúile ag Monroe cérbh é féin nuair a chasadar ar a chéile den chéad uair – bhí a laghad sin suime i gcúrsaí spóirt aicise gur cheap sí gur peileadóir a bhí ann!

 
1954 agus Marilyn Monroe

Ar 27 Deireadh Fómhair 1954, fuair Monroe colscaradh uaidh. Rinne sí gearán faoin ‘spídiúlacht’, nó sin a mhaígh an t-aisteoir.

Bhí DiMaggio splanctha ina diaidh, ach d’fhág an bhearna aoise eatarthu (eisean 40, ise 28), a chuid stuacánachta agus a mheon éadmhar, nár mhair a bpósadh ach 274 lá. Tá sé ráite gur ceann de na pictiúir ba cháiliúla a glacadh an céad seo caite ba chúis leis an argóint a d’fhág scartha óna chéile iad -Monroe agus a gúna bán ardaithe ag leoithne gaoithe i scannán Billy Wilder, The Seven Year Itch.

Go fiú agus ise ar shlí na fírinne le beagnach dhá scór bliain, ba í grá geal a chroí i gcónaí.[3] Nuair a fritheadh Marilyn básaithe sa mbliain 1952, ba é DiMaggio a thrasnaigh an tír agus a d’eagraigh an tsochraid. As sin gur éag sé féin, d’íoc sé as pósae rósanna dearga a leagan ar a huaigh faoi dhó sa tseachtain.

 
Clúdach 1954, scannal ollmhór nuair a fuair fuair Joe agus Marilyn colscaradh

Bhí an dearg ghráin aige ar aon duine a raibh baint aige nó aici leis an bpáirtí Daonlathach – go háirithe ós rud é go raibh sé ráite go raibh John F. Kennedy agus a dheartháir Bobby ag smúrthacht thart ar Marilyn Monroe tráth.

Sprionlóir cuir in eagar

Cé go raibh sé ag tuilleamh níos mó airgid ná a bhí aon lúthchleasaí eile sna Státaí lena linn ($100,000 sa mbliain sna 1940í), sprionlóir den chéad scoth ab ea Joe.

Bhí sé ar dhuine de na pearsain spóirt ba thúisce a thosaigh ag déanamh fógraíochta do chomhlachtaí beatha, do bhancanna, do dhíoltóirí gluaisteán agus dá leithéid. Bhí tóir ar DiMaggio dá leithéid go raibh sé beagnach 80 bliain d’aois.

Choinnigh sé greim daingean ar an méid a shaothraigh sé. Cé go lorgódh sé airgead tirim dó féin, bhíodh faisean aige seic a scríobh fiú do na rudaí ab fhánaí a cheannaíodh sé – barúil mhaith aige gur i bhfráma, ar an mballa, a chuirfí seic a bheadh sínithe ag Joe DiMaggio, seachas chuig an mbanc le sóinseáil.

 
1962

Deirtear gur bhabhtáil sé na fáinní óir a fuair sé as na World Series a bhuachaint ar ghluaisteáin, lóistín agus a leithéid. Bhí an-tóir ar an ngalf aige agus, dá réir sin, cuirí ag teacht le cúl a chéile chuig na ‘pro-ams’ a bhfáil aige ag na comórtais mhóra.

Gan teip, ghlaofadh Joe ar an lucht eagair á rá go raibh a chuid maidí féin i Stát eicínt eile agus mála a bheith faoi réir acusan dó nuair a leaindeálfadh sé. Bhí oiread málaí ina gharáiste faoi dheireadh nach raibh áit ag an ngluaisteán ann!

 
másailéam

I 1989, bhuail crith talún San Francisco, áit a raibh cónaí anois arís ar DiMaggio. Bhí foláireamh tugtha ag na póilíní nach raibh ceadaithe ar na bóithre ach lucht tarrthála – fós facthas Joe ag iompar mála dubh dramhaíle gar do theach a bhí aige i gceantar Marina sa gcathair. Ní taobh le duine amháin a thairg cúnamh dó an mála trom a iompar, ach ní raibh fonn dá laghad ar scaradh leis. Tuairiscítear go raibh $600,000 airgead tirim istigh ann ![3]

Cúig mhí sular bhásaigh sé, nuair a reáchtáileadh Joe DiMaggio Day i Yankee Stadium sa Bronx, bhí an cloigín ag bualadh go láidir sa scipéad airgid i gcloigeann DiMaggio. Bhí an comhlacht déanta liathróidí baseball, Rawlings, ag iarradh ceann speisialta cuimhneacháin a chur ar an margadh. A chead sin acu, a deir Joe, faid agus a thabharfadh siad 15,000 eile acu dó féin saor in aisce. In imeacht cúpla mí, bheadh siad ar fad sínithe aige agus iad ar díol ar $400 an ceann – teacht isteach $6 mhilliún. Ar leaba a bháis, in ospidéal i Florida i dtús na bliana 1999, agus oiread de chroitheadh ina láimh nach raibh sé in ann greim a choinneáil ar an bpeann, bhí Joe DiMaggio fós ag iarradh a ainm a scriobláil ar liathróidí baseball agus ag súil go dtiocfadh siad $400 an ceann.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. uaireanta Joe Di Maggio
  2. "A Journey to Baseball's Alternate Universe".
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 Mártan Ó Ciardha (29 Samhain 2014). "Joe agus bean Joe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-27.