Juho Kusti Paasikivi
Ba é Juho Kusti Paasikivi, a rugadh ar an 27ú Samhain 1870 agus a fuair bás ar an 14 Nollaig 1956, seachtú hUachtarán na Fionlainne (1946-1956). Bhí sé ina pholaiteoir de chuid an Suomalainen puolue (An Páirtí Fionlannach) agus an Kansallinen Kokoomus (páirtí coimeádach na Fionlainne). Bhí sé ina Phríomh-Aire ar an bhFionlainn faoi dhó: an chéad uair sa bhliain 1918 agus an dara huair sna blianta 1944-46).[1] Thairis sin, bhí poist oifigiúla eile ag Paasikivi, agus tionchar aige ar eacnamaíocht agus polaitíocht na Fionlainne ar feadh breis agus caoga bliain.
Cuimhnítear ar Paasikivi mar phríomh-ailtire ar bheartas eachtrach na Fionlainne tar éis an Dara Cogadh Domhanda; [2]; mar shampla, rinne Cumann Paasikivi (Fionlainnis:Paasikivi-seura), a bunaíodh i 1958 faoi cheannaireacht Jan-Magnus Jansson, iarracht oidhreacht pholaitiúil Paasikivi a chothú, go háirithe le linn an Chogaidh Fhuair, trí mhachnamh ar pholasaí eachtrach bunaithe ar an bhfírinne a chur chun cinn san Fhionlainn agus beartas neodrachta na Fionlainne a chur ar eolas go hidirnáisiúnta.[3]
Luathshaol agus gairmréim pholaitiúil
cuir in eagarBreith agus óige
cuir in eagarRugadh Paasikivi, leis an ainm Johan Gustaf Hellsten, sa bhliain 1870, ag an sána deataigh i dteach Kulma-Seppälä i sráidbhaile Koski Hl (Hämeenkoski inniu) i Päijänne Tavastia i nDeisceart na Fionlainne, a saolaíodh do cheannaí taistil ó Tamperean darbh ainm August Hellsten agus a bhean chéile, Karolina Wilhelmina, née Selin. Bhí tuismitheoirí Hellsten ina gcónaí i Tampere, ach rugadh an mac ar a dturas gnó go margadh Lahti. Tar éis dó filleadh abhaile, cláraíodh Hellsten go hoifigiúil i leabhair eaglaise Tampere.Fuair máthair Hellsten bás nuair a bhí sé ceithre bliana d'aois, agus fuair a athair bás i bhfiacha nuair a bhí Hellsten ceithre bliana déag d'aois. Fuair leathdheirfiúr Hellsten Karolina bás go luath ina dhiaidh sin. Ar bhás a athar, ghlac aintín Hellsten, Kaisa Hagman, freagracht as é a thógáil. D'aistrigh Hellsten a ainm go leagan Fionlainnise dá ainm 'Juho Kusti Paasikivi', sa bhliain 1885. Ciallaíonn a shloinne "cloch bhuí" go litriúil sa dá theanga.
Oideachas
cuir in eagarBa ghleacaí agus lúthchleasaí díograiseach é an Paasikivi óg. D'aithin a athair tallann acadúil a mhic agus chláraigh sé é ar bhunscoil den scoth in Hämeenlinna tar éis dó bheith ag freastal go gairid ar scoil i Hollola. Léirigh Paasikivi fonn léitheoireachta luath, agus ba é an dalta ab fhearr ina rang.[4] Chuaigh sé isteach in Ollscoil Heilsincí sa bhliain 1890, agus bhain sé céim Bhaitsiléara amach i dteanga agus i litríocht na Rúise i mBealtaine 1892, cúrsa staidéir a bhí úsáideach ina dhiaidh sin sa saol. An geimhreadh ina dhiaidh sin, d'athraigh Paasikivi a chroí-ábhar go dlí, agus ghnóthaigh sé céim Mháistreachta sa Dlí agus sa deireadh, i 1902, a Dhochtúireacht s Dlí. Le linn a chuid scolaíochta, choinnigh Paasikivi é féin trí oibrithe go héagsúil mar mhúinteoir, léachtóir, báille cúirte, agus dlíodóir i gcleachtas príobháideach i Lahti. Ba le linn a chuid staidéir ollscoile, timpeall 1894, a d'éirigh sé gafa i ngluaiseacht Fennoman ar dtús, ag glacadh róil cheannaireachta ina eagraíocht mac léinn.
A chéad phósadh agus an teaghlach
cuir in eagarAr 1 Meitheamh 1897 phós Paasikivi Anna Matilda Forsman (1869–1931) a rugadh sa tSualainn. Le chéile, bhí ceathrar clainne acu, Annikki (1898–1950), Wellamo (1900–1966), Juhani (1901–1942), agus Varma (1903–1941). Tar éis dó a dhochtúireacht sa dlí a thuilleamh i 1901, ghlac Paasikivi le hOllúnacht Chomhlach sa Dlí Riaracháin in Ollscoil Heilsincí ó 1902 go 1903.[5]
Céad taithaí ar an bpolaitíocht
cuir in eagarD'fhág Paasikivi an post san Ollscoil Heilsincí le bheith ina Phríomh-Stiúrthóir ar an Státchiste d'Ard-Diúcacht na Fionlainne, post a choinnigh sé go dtí 1914. Ar feadh chóir a bheith a shaol fásta go léir, bhí Paasikivi bainteach leis an ciorcal órga laistigh de pholaitíocht na Fionlainne. Thacaigh sé le neamhspleáchas níos mó agus le Comh-Aireacht neamhspleách (Seanad) don Fhionlainn sé le níos mó neamhspleáchais sa Seanad agus agus le Comh-Aireachta neamhspleách (Seanad) don Fhionlainn, agus chuir sé in aghaidh rún pan-slavacha na Rúise, a bhí ag iarraidh na Rúisise a fhorchur mar an t-aon teanga oifigiúil amháin in Impireacht na Rúise. Bhain sé, áfach, leis an bPáirtí Fionlainne a bhí ní ba ghéilliúla, ag cur i gcoinne céimeanna radacacha a d’fhéadfadh a bheith fritorthúil agus a d’fhéadfadh na Rúisigh a fheiceáil mar ionsaitheach. D’fhóin Paasikivi mar fheisire de chuid Pháirtí na Fionlainne ó 1907 go dtí 1909 agus ó 1910 go dtí 1913. D’fhóin sé mar bhall den Seanad ó 1908 go dtí 1909, mar cheannaire ar an rannóg airgeadais.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Ministerikortisto . https://web.archive.org/web/20090417004613/http://www.valtioneuvosto.fi/hakemisto/ministerikortisto/ministeritiedot.asp?nro=278.
- ↑ Wilsford, David, ed. (1995). Political leaders of contemporary Western Europe: a biographical dictionary. Greenwood. pp. 347–352.
- ↑ "Suomi kylmässä sodassa: Paasikivi-seura Kekkosen tukena". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-02-08. Dáta rochtana: 2022-02-08.
- ↑ Polvinen, Tuomo; Heikkilä, Hannu; Immonen, Hannu (1989). J. K. Paasikivi : valtiomiehen elämäntyö. Vol. 1: 1870–1918. WSOY.
- ↑ Polvinen, Tuomo; Heikkilä, Hannu; Immonen, Hannu (1989). J. K. Paasikivi : valtiomiehen elämäntyö. Vol. 1: 1870–1918. WSOY.