Kaarlo Juho Ståhlberg

Uachtarán na Fionlainne (1865-1952)

An chéad Uachtarán ar an bhFionlainn (1919-1925) ab ea Kaarlo Juho Ståhlberg (28 Eanáir 186522 Meán Fómhair 1952).[1]

Kaarlo Juho Ståhlberg
Kaarlo Juho Ståhlberg.jpg
comhalta de Pharlaimint na Fionlainne

Lúnasa 1, 1908 - Feabhra 28, 1910
Dúiche: Häme (en) Aistrigh
Toghchán: 1908 Finnish parliamentary election (en) Aistrigh, 1909 Finnish parliamentary election (en) Aistrigh
comhalta de Pharlaimint na Fionlainne

Feabhra 2, 1914 - Lúnasa 10, 1918 - Väinö Juustila
Dúiche: Oulu Province Southern Electoral District (en) Aistrigh
Speaker of the Parliament of Finland (en) Aistrigh

Feabhra 3, 1914 - Aibreán 3, 1917
Oskari Tokoi - Kullervo Manner
President of the Supreme Administrative Court (en) Aistrigh

1918 - 1919
← luach ar iarraidh - Hugo Rautapää
1. Uachtarán na Fionlainne

Iúil 25, 1919 - Márta 2, 1925 - Lauri Kristian Relander
comhalta de Pharlaimint na Fionlainne

Deireadh Fómhair 21, 1930 - Lúnasa 31, 1933
Dúiche: Uusimaa (en) Aistrigh
Saol
Ainm iomlánCarl Johan Ståhlberg
Eolas breitheSuomussalmi, 28 Eanáir 1865
NáisiúntachtAn Fhionlainn
BásHeilsincí, 22 Meán Fómhair 1952
Áit adhlacthaHietaniemi cemetery (en) Aistrigh
Muintir
Céile/CéilíHedvig Ståhlberg  (Nollaig 17, 1893 -  Márta 26, 1917)
Ester Ståhlberg  (Meitheamh 7, 1920 -  Iúil 21, 1950)
Páistí
Teaghlach
liosta iomláin
Oideachas
Alma materOllscoil Heilsincí
Imperial Alexander University (en) Aistrigh
Oulun Lyseon Lukio (en) Aistrigh
Leibhéal oideachaisdochtúir an dá dhlí
TeangachaAn Fhionlainnis
Gairm
Gairmpolaiteoir, múinteoir ollscoile agus dlíodóir
Áit oibreHeilsincí
FostóiríOllscoil Heilsincí
Duaiseanna
Cleamhnú
ReiligiúinLiútarachas
Páirtithe polaitíochtaNational Progressive Party (en) Aistrigh
1880idí
Young Ståhlberg.jpg

SaolCuir in Eagar

Céimí de chuid Ollscoil Heilsincí, a bhronn BA sa dlí (1889) agus dochtúireacht sa dlí (1893), chaith Ståhlberg níos mó ná deich mbliana mar chomhairleoir dlí do Sheanad Ard-Diúcacht na Fionlainne.[2] Ansin bhain sé post an rúnaí um phrótacal ina fho-roinn um ghnóthaí sibhialta amach sa bhliain 1898. Briseadh as an bpost sin é sa bhliain 1902 toisc gur chuir sé in éadan chur isteach an tSáir ar stádás féinrialaitheach na Fionlainne laistigh d'Impireacht na Rúise.

Ball de Dhiat na Fionlainne (1904-1905) agus den Seanad (1905-1907), chuidigh Ståhlberg le dréachtú na reachtaíochta a chuir Parlaimint na Fionlainne ar bun.

Sa bhliain 1908 chuaigh Ståhlberg ar ais chun na hOllscoile, chun ollúnacht sa dlí riaracháin a ghlacadh (post a choimeád sé go dtí 1918.) Le linn na tréimhse sin, scríobh sé tráchtas maidir le dlí riaracháin na Fionlainne a raibh tionchar mór aige.[2]

 
50 mark

Bhí Ståhlberg ina bhall de Pharlaimint na Fionlainne fós ag an am sin (1908-18). Sna blianta 1917 agus 1918 bhí sé ina cheannaire ar an gComhairle Bunreachtúil, a dhréachtaigh Bunreacht na Fionlainne, ar glacadh leis sa bhliain 1919. Sa bhliain 1918 ceapadh ina Uachtarán ar an gCúirt Riaracháin Uachtarach é.

 
Dealbh

Ós rud é go raibh dearcadh poblachtach bunreachtúlach liobrálach aige, tháinig Ståhlberg chun cinn sa bhliain 1919 mar an t-iarrthóir ba shásúla tríd is tríd ó thaobh post nua Uachtarán na Fionlainne de. Bhí sé ina Uachtarán ar feadh sé bliana, tráth a raibh an tír scoilte ina dhá leath agus a raibh an pholaitíocht guagach de bharr Chogadh Cathartha na Fionlainne a tharla ó Eanáir go Bealtaine 1918. In ainneoin sin, moladh go forleathan é as a chuid cumhachtaí a fheidhmiú ar bhealach measartha agus as an tacaíocht a thug sé do dhul chun cinn geilleagrach agus sóisialta agus don athmhuintearas náisiúnta.

Shocraigh Ståhlberg gan iarraidh go n-atoghfaí é ina Uachtarán sa bhliain 1925 agus chuaigh sé ar ais chuig a chuid oibre mar dhréachtóir reachtach agus feisire parlaiminte (1930-33).[2]

Bhí Ståhlberg ina iarrthóir ar phost an Uachtaráin faoi dhó níos mó (1931 agus 1937) agus bhí sé i bhfoisceacht dhá vóta den bhua sa chéad cheann de na hiarrachtaí sin. Agus é ag tarraingt ar dheireadh a shaoil bhí sé ina chomhairleoir dlí don Uachtarán Juho Kusti Paasikivi.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Ståhlberg | Suomen presidentit" (en-US) (2016-11-30). Dáta rochtana: 2021-09-22.
  2. 2.0 2.1 2.2 Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Kaarlo Juho Ståhlberg". Dáta rochtana: 2021.