Sa Ghearmáinis, is éard is Kevinismus (Gaeilge: Caoimhíneachas; Béarla: Kevinism) ann ná réamhchlaonadh diúltach i measc na nGearmánach in aghaidh daoine a bhfuil ainm faiseanta nó andúchasach orthu, toisc go mbaineann na hainmneacha seo leis an ísealaicme.[1] Is é “Kevin” an sampla is suntasaí, ainm ar tháinig borradh obann faoi nach raibh aon súil leis. Cosúil le formhór na n-ainmneacha den sórt seo, tháinig sé isteach sa Ghearmáin ón gcultúr Angla-Mheiriceánach. Uaireanta, tugtar Chantalismus ar an gcoincheap seo i gcás ainmneacha baineannacha, ón ainm Francach “Chantal”.

Ba é an suíomh gréasáin aorach Uncyclopedia a cheap an téarma Kevinismus i dtús báire, ansin thug iriseoirí éagsúla suntas dó.[2]

De réir tráchtas máistreachta a scríobhadh in Ollscoil Oldenburg in 2009, bhí múinteoirí claonta in aghaidh mac léinn a raibh ainmneacha áirithe orthu.[3] Mar shampla, chreid múinteoirí Gearmánacha go raibh mic léinn darb ainm “Kevin” tugtha d'iompar a tharraingíonn aird orthu féin, agus nach n-éireodh go maith leo ar scoil. Creideadh freisin gur dócha go mbaineann na mic léinn seo leis an ísealaicme. Ní raibh sé soiléir sa staidéar an gcaitear níos measa leis na mic léinn seo mar thoradh ar a n-ainm.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Wie Namen die Zukunft von Kindern beeinflussen". DIE WELT (2008-02-26). Dáta rochtana: 2023-08-22.
  2. "Kevinismus, vermeidbare Kinderkrankheit" (2007-12-23). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-12-25. Dáta rochtana: 2023-08-22.
  3. Julia Isabell Kube, "Given name research, Questionnaire study of teachers, whether prejudices concerning specific given names of grade school students are associated with specific personality markers", University of Oldenburg, Masters thesis, 2009