L'Arlésienne (Bizet)
Sa bhliain 1872 chum Georges Bizet ceol ag gabháil leis an dráma, L’Arlésienne, le Alphonse Daudet. Cé gur theip ar an léiriúchán mar dhráma, thaitin an ceol le Bizet agus bheartaigh sé sraith a chumadh bunaithe ar an gceol.[1]
Foirm cheoil | Sraith |
---|---|
Cumadóir | Georges Bizet |
Leabhrógaí | Alphonse Daudet |
Teanga an tsaothair nó an ainm | an Fhraincis |
Bunaithe ar | L'Arlésienne (Alphonse Daudet) |
Seánra | ceol teagmhasach |
Céadléiriú | |
Céadléiriú | 1 Deireadh Fómhair 1872 |
Suíomh an chéad léirithe | Théâtre du Vaudeville (en) , Páras |
D’éirigh thar barr leis an tsraith seo agus bheartaigh cara le Bizet, Ernest Guiraud, an dara sraith a chumadh ón scór bunaidh tar éis bhás Bizet sa bhliain 1875. Is sa dara sraith atá Intermezzo agus Farandole.
Scéal cuir in eagar
Tá an dráma suite in Provence na Fraince. Scéal é seo faoi bheirt deartháireacha a chónaigh ar fheirm. Thit duine den bheirt i ngrá le cailín, Vivette, ón sráidbhaile Arles. Bheartaíodar ar dhul ag pósadh ach ansin fuair sé amach nach raibh sí ionraic leis ó thaobh an ghrá de. Agus é croíbhriste chuir sé lámh ina bhás féin agus léim de dhíon sciobóil.
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ COGG.ie (2012). "Fonn Ceoil, Leabharán C". Dáta rochtana: 2022.