Lá Eorpach na dTeangacha

Ceiliúrtar Lá Eorpach na dTeangacha gach bliain ar 26 Meán Fómhair, chun éagsúlacht teanga agus tuiscint idirchultúrtha a cur chun cinn.[1][2] Is cuid thábhachtach d’oidhreacht shaibhir chultúrtha na hEorpa í an éagsúlacht seo.[3]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá Eorpach na dTeangacha
Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
Cineállá idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
26 Meán Fómhair Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábharteanga Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraían tAontas Eorpach agus Comhairle na hEorpa Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairle na hEorpa
Europäische Tag der Sprachen in Sanok, 2012

Is togra de chuid an AE agus Chomhairle na hEorpa é Lá Eorpach na dTeangacha. In 2001, chinn an tAontas agus Comhairle na hEorpa an Lá a cheiliúradh gach bliain ar an 26 Meán Fómhair, le gach cineál imeachta ar siúl chun foghlaim teangacha a chur chun cinn ar fud AE. Tá an tionscnamh sin ceaptha chun feasacht a mhúscailt i measc an phobail i gcoitinne i dtaobh na dteangacha iomadúla a labhraítear san Eoraip agus chun iad a spreagadh chun teangacha a fhoghlaim.[4]

Cuireadh an fhéile ar an bhfód don chéad uair sa bhliain 2002.

Imeachtaí

cuir in eagar

Bíonn imeachtaí difriúla ar siúl i dtíortha ar fud na hEorpa le ceiliúradh a dhéanamh ar na teangacha sin, idir oícheanta scannán, preabchaiféanna teanga, léachtaí, ceardlanna do pháistí[5][6][7] agus eile. Ar bhonn pearsanta, is féidir dinnéar nó cóisir theangacha a reáchtáil le cairde sa bhaile, tús a chur le foghlaim nó athfhoghlaim teanga, nó fiú leabhar i dteanga eile a léamh.[3]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. European Centre for Modern Languages (2022). "Lá Eorpach na dTeangacha > Home". edl.ecml.at. Dáta rochtana: 2022-09-26.
  2. "Tionscnaimh teangacha Eorpacha | European Education Area" (ga). education.ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2022-09-26.
  3. 3.0 3.1 NÓS (2019). "Lá Eorpach na dTeangacha á cheiliúradh inniu" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-09-26.
  4. europarl.europa.eu (2022). "BEARTAS TEANGA". Dáta rochtana: 2022.
  5. "Lá Eorpach na dTeangacha/European Day of Languages" (en). Gaelscoil Mhuscrai. Dáta rochtana: 2022-09-26.
  6. "Lá Eorpach na dTeangacha i nGaelscoil na bhFál < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2022-09-26.
  7. Gemma NíBhroin (2021-10-19). "Lá Eorpach na dTeangacha - European Day of Languages" (en-US). Dáta rochtana: 2022-09-26.
  8. peig.ie (2016). "Céiliúradh ar Lá Eorpach na dTeangacha: Fíricí faoin nGaeilge" (as ga).