Lá an Dúchais (An Afraic Theas)


Lá saoire poiblí Afracach Theas a cheiliúrtar ar 24 Meán Fómhair is ea Lá an Dúchais (Usuku Lwamasiko sa tSúlúis; Erfenisdag san Afracáinis). Ar an lá seo, spreagtar na hAfraicigh Theas a gcultúr agus éagsúlacht, a gcreidiúintí agus dtraidisiún, i gcomhthéacs níos leithne de náisiún is le gach duine atá ann.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá an Dúchais
Íomhá
Cineállaethanta saoire san Afraic Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht24 Meán Fómhair 1995 - 
24 Meán Fómhair Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Afraic Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Gunna "Middle North Battery", Simon's Town, ar Lá an Dúchais

Stair Lá an Dúchais roimh 1995 cuir in eagar

I gKwaZulu-Natal, tugadh Lá Shaka ar 24ú Meáin Fhómhair, i gcuimhne ar an Rí Súlúis, Shaka.[1] Ba é Shaka Rí Súlúis a d'imir ról tábhachtach in aontacht dreamanna díchosúla Súlúis isteach i náisiún comhtháite. Gach bliain, bailíonn na daoine ag uaigh Rí Shaka chun onóir a thabhairt dó ar an lá seo.

Nuair a nochtadh Bille na Laethanta Saoire Poiblí Bille don pharlaimint náisiúnta nua daonlathach i 1995, ní raibh an 24ú Meáin Fhómhair san áireamh ar an liosta molta laethanta saoire poiblí. Mar thoradh ar an eisiamh seo, rinne Páirtí Saoirse na hInkatha (PSI) agóid i dtaobh an bhille. Tháinig an pharlaimint agus an PSI go dtí comhréiteach agus tugadh ar an lá a theideal láithreach agus aitheantas mar lá saoire poiblí.

Ceiliúradh ar an Lá cuir in eagar

Miss Indoni 2018, Durban ar Lá an Dúchais

Ceiliúrann na hAfracánaigh Theas Lá an Dúchais trí chuimhneach ar dhúchas cultúrtha an móráin cultúr as atá daonra na hAfraice Theas. Cuirtear imeachtaí ilchineálaigh tríd an tír ar fad le comóradh a dhéanamh air seo.

Thug Iar-Thaoiseach Rinne an Iarthair Ebrahim Rasool caint don phoiblí ag ceiliúradh Lae an Dúchais ag bealach dúchais Gugulethu i 2007 i nGugulethu. I Hout Bay, bíonn mórshiúl airm agus athchruthú na caithe a troideadh ann.

 
Cape Town ar Lá an Dúchais

I 2005, rinneadh feachtas sna meáin lorg an lá a athbhrandú mar 'La Náisiúnta na Braai', in aitheantas an traidisiúin Aifreacaigh Theas de fhleánna fulachtaí neamhfhoirmiúla, nó braaithe, a dhéanamh.

Ar an 5ú Meáin Fhómhair 2007, cheiliúr Ardeaspag Desmond Tutu (trí naprún a chaitheamh agus ispín boerewords a shlogadh) a cheapacháin mar phatrún Lae na Braai,[2] a dhearbhaigh sé gur fhórsa aontaithe i dtír roinnte a bhí ann.[3] Ag deireadh na bliana 2007, d'athraigh Lá Náisiúnta na Braai a ainm go Braai4Heritage, agus fuair an tionscnamh formhuiniú Chomhairle Afraice Theas an Dúchais.[fíoras?]

 
Xhosa ar Lá an Dúchais

D'fhógair Eagraí Jan Scannell (ar a dtugtar "Jan Braai") nach í an aidhm atá ann "braai" ollmhór a dhéanamh, ach cinn beaga a dhéanamh, le cairde agus teaghlaigh. Roinnt daoine a dúirt gur cleasaíocht é seo le tabhairt ar na daoine dearmad a dhéanamh ar stair an lae agus ar an fáth bunaidh gur cruthaíodh an lá.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar