Léig na hÉireann um Cheart Vótála do Mhná

Bunaíodh Léig na hÉireann um Cheart Vótála do Mhná (Irish Women’s Franchise League) sa bhliain 1908 chun ceist na gceart vótála do mhná a chur chun cinn.[1]    

timpeall 1910
Bosca Sonraí EagraíochtaLéig na hÉireann um Cheart Vótála do Mhná
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1908
Margaret Cousins
Hanna Sheehy-Skeffington

Imeachtaí cuir in eagar

Ar 4 Samhain 1908 i mBaile Átha Cliath, bhí Hanna Sheehy-Skeffington agus Margaret Cousins ar bhaill bhunaidh na Léige.[2] Dála na sufraigéidí sa Bhreatain, bhí baill den Léig sásta modhanna míleatacha a úsáid chun a gcuid aidhmeanna a bhaint amach. Phléasc na sufraigéidí buama i Lios na gCearrbhach fiú, sa bhliain 1914,[3] Reáchtáil siad cruinnithe agus chuaigh siad ar stailceanna ocrais nuair a bhí siad sa phríosún.[4]

Bhí nuachtán dá gcuid féin ag an Léig, 'The Irish Citizen'. B'iad Francis Sheehy-Skeffington (fear céile Hanna Sheehy-Skeffington) agus James Cousins (fear céile Margaret Cousins) a rinne eagarthóireacht ar an nuachtán. Cuireadh an chéad eagrán den nuachtán i gcló i mí na Bealtaine 1912. Bhí mana ag an nuachtán a bhí le feiceáil ag barr an chéad leathanaigh:

‘Cearta na Saoránachta d’Fhir agus do Mhná Araon; Dualgais na Saoránachta ar Fhir agus ar Mhná Araon.’

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Vótáil 100 – Tithe an Oireachtais". web.archive.org (2020-08-22). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-22. Dáta rochtana: 2023-03-11.
  2. Myles Dungan (2016-11-03). "On This Day – 4.11. 1908 The Irish Women’s Franchise League is established" (en). Myles Dungan. Dáta rochtana: 2023-03-11.
  3. lisburnmuseum.com (2014-11-12). "Mrs Metge and the Bombing of Lisburn Cathedral | Lisburn Museum" (en-GB). Irish Linen Centre & Lisburn Museum. Dáta rochtana: 2023-03-11.
  4. forasnagaeilge.ie. "Cearta Vótála do Mhná". Dáta rochtana: 2023.