Léigear Dhroichead Átha, 1649

Sa bhliain 1649, le linn choncas Chromail na hÉireann, d’éignigh an Modh-Arm Nua, faoi stiúir Oilibhéar Cromail, Droichead Átha agus rinne ár ar an ngarastún agus ar a lán sibhialtach, is cosúil.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLéigear Dhroichead Átha, 1649
Íomhá
Map
 53°42′N 6°24′W / 53.7°N 6.4°W / 53.7; -6.4
Cineálléigear Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCogadh na hAon Bhliana Déag Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse3 - 11 Meán Fómhair 1649
Dáta na bliana11 Meán Fómhair 1649 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhDroichead Átha, Éire Cuir in eagar ar Wikidata

Cogadh cathartha idir Cromail agus an Rí. idir lucht labhartha an Bhéarla i Sasana agus in Éirinn, idir na Maolchinn agus na Ríogaithe. Bhí an slad i nDroichead Átha dírithe níos mó ar an gcóilineacht Shasanach in Éirinn, na Ríogaithe.[2]

Fíorscéal agus finscéalː "History of Ireland from 400 to 1800", 1868 le Henry Edward Doyle

Imeachtaí cuir in eagar

In 1649, chuir Oilibhéar Cromail baile Dhroichead Átha faoi léigear. Ní raibh na ríogaithe sásta géilleadh do na maolchinn. Bhí garastún Dhroichead Átha faoi cheannas Arthur Aston, saighdiúir ríogaí, Sasanach agus Caitliceach.[3]

I ndiaidh ocht lá, ar an 11 Meán Fómhair 1649, gabhadh an bhaile, tar éis ionsaí fíochmhar le gunnaí móra.

Rinne na parlaiminteoirí sléacht ar na Ríogaithe. Is cosúil go raibh timpeall 2,700 saighdiúir ríogaí ann ar dtús.[4] Mharaigh na parlaiminteoirí cúpla céad duine ar a laghad... ach b'fhéidir i bfhad níos mó, suas le 3,500 duine, níl a fhios againn. Ach dúirt Cromail féin gur tharla sléacht as éadan.[5] Ach bolscaireacht a bhí ann b'fhéidirː bhí Cromail ag iarraidh eagla a chur ar dhaoine ar fud na tíre

Gabhadh 400 saighdiúir, agus cuireadh chuig Barbadós iad. Inniu tá an fíorscéal fite fuaite leis an bhfinscéal is cosúil.[6]

An slad mór a rinne Cromail i nDroichead Átha ba iad lucht labhartha Bhéarla na cathrach sin a d’fhulaing, na Ríogaithe. Fágadh na Gaeil in Irishtown gan ionsaí.[2]

Toradh cuir in eagar

Chuir scéal Dhroichead Átha eagla ar dhaoine ar fud na tíre agus ba ghairid gur ghéill siad uilig d’arm Chromail.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. louthcoco.ie (2010). "Measúnacht Staitéiseach Timpeallachta". Dáta rochtana: 2022.
  2. 2.0 2.1 Seosamh Ó Cuaig (23 Iúil 2019). "Oilibhéar Cromail – fear nach bhfaigheann cothrom na Féinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-11.
  3. "Arthur Aston (army officer)" (as en) (2022-09-11). Wikipedia. 
  4. Kenyon, John & Ohlmeyer, Jane (eag.). The Civil Wars, Oxford 1998, lch 98.
  5. "Cromwell in Ireland" (en-GB). olivercromwell.org. Dáta rochtana: 2020-09-11.
  6. "Opinion: ‘Cromwell was Framed’ – The Irish Story" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-09-11.