Léigear Luimnigh
Cogadh an Dá Rí in Éirinn.
Léigear Luimnigh

Cloch an Chonartha

Dáta: Lúnasa-Deireadh Fómhair 1691
Áit: Cathair Luimnigh
Toradh: D'éirigh le fórsaí Rí Liam, tar éis dul i mbun caibidlíochta, géilleadh na cathrach agus aslonnú trúpaí na Seacaibíteach ó Éirinn a bhaint amach.
Céilí comhraic
Arm Seacaibíteach- trúpaí Caitliceach Franacacha agus Éireannacha. Arm Rí Liam- trúpaí Sasanacha, Albanacha, Ísiltíreach, Danmhargach agus Ultach.
Ceannasaithe
Pádraig Sáirséal. Godert de Ginkell, Céad Iarla Átha Luain.
Slua
c. 14,000 20,000
Taismigh
800 marbh sa troid. Iseal, ach b'fhéidir roinnt marbh de dheasca galair

Bhí Cathair Luimnigh curtha faoi léigear faoi dhó i rith Chogadh an Dá Rí (1689-91). Bhí an chathair, a bhí i sealbhú fórsaí na Seacaibíteach, ábalta fórsaí na nUilliamaíteach a ruaigeadh tar éis ionsaí sa bhliain 1690. Mar sin féin, tar éis an dara Léigear Luimnigh i mí Lúnasa-Deireadh Fómhair 1691, ghéill sí ar théarmaí.

An léigear cuir in eagar

Ag am ar an dara léigir, d'iompaigh an staid míleata in aghaidh na Seacaibíteach.

Bhí príomharm na Seacaibíteach scriosta ag Cath Eachroma i Mí Iúil 1691, ag cailliúint 4000 fear maraithe, lena n-áirítear a cheannasaí, an Marquis de St Ruth agus na mílte príosúnach glactha nó tréigthe. Géill an Ghaillimh i Mí Iúil 1691.

Chúlaigh na Seacaibítigh a tháinig slán go Luimneach, ach i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, bhí a meanma an-íseal agus bhí siad réidh le ghéilleadh.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Piers Waudchope, Patrick Sarsfield and the Williamite War, Dublin 1992.
  • J.G. Simms, Jacobite Ireland, London 1969.

Naisc sheachtracha cuir in eagar