Landnámabók

lámhscríbhinn íoslainneach na meánaoise

Saothar meánaoiseach Íoslainnise is ea Landnámabók (ˈlantˌnauːmaˌpouːk, "An Leabhar Lonnaíochtaí"), giorraithe scaití go Landnáma, a dhéanann chur síos ar lonnú (landnám) na hÍoslainne ag Lochlannaigh sna 9ú agus 10ú haoiseanna.

Leathanach as an lámhscríbhinn phárpháipéir den Landnáma san Institiúid Léinn Íoslainnigh Árni Magnússon i Reykjavík, Íoslainn

ÁbharCuir in Eagar

Tá an Landnámabók roinnte ina chúig mhír agus níos mó ná 100 alt. Insítear sa chéad chuid conas a aimsíodh an t-oileán, le 435 fir (landnámsmenn) ar dtús sa tuaisceart agus san iardheisceart. I ndiaidh sin, áirítear na lonnaitheoirí uile ceathrún ar cheathrún, thiar thuaidh thoir theas, 3,000 duine agus 1,400 lonnaíocht san iomlán. Rianaítear ann eachtraí tábhachtacha agus startha agus ginealaigh clann sa 12ú haois isteach. Feictear gearrscéalta anseo agus ansiúd.

Moltar aon údar amháin ag daoine áirithe, agus creidtear eile gur cumadh é ag þing (tionóil). Is foinse luachmhar é fós ar stair agus ginealach mhuintir na hÍoslainne.

Leaganacha ar marthainCuir in Eagar

Níl an chéad chóip ar marthain. Téann na cóipeanna is sine siar go dtí an chéad leath den 13ú haois. Tháinig an chéad lonnaitheoirí Lochlannacha go dtí an Íoslainn idir na blianta 870 agus 930, ach déanann an Landnámabók trácht ar a muintir chomh déanach is an 11ú haois.

Tá cúig leagan mheánaoiseacha ann den Landnámabók atá ar marthain:

Féach freisinCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar