Is speiceas de henipavirus é Langya henipavirus (LayV), ar a dtugtar an víreas Langya freisin, a braitheadh den chéad uair i gcúigí na Síne, Shandong agus Henan. D'aimsiú iad i 35 othar ó mhí na Nollag 2018 go Lúnasa 2022.[1][2] As na 35 cás le LayV, níor léirigh ach 26 acu siomptóim, amhail fiabhras, tuirse agus casacht. Níor tuairiscíodh aon bhás mar gheall ar LayV go dtí seo. Bíonn tionchar ag an víreas seo ar dhaoine agus ar speicis ainmhithe eile, lena n - áirítear na Macroscelididae, an t-ainmhí a mhaítear a bheith ina óstach bunaidh. Ní raibh aon cheann de na 35 cás i dteagmháil lena chéile, agus ní fios go fóill an féidir an víreas a tharchur ó dhuine go duine.[3]

Tagairtí cuir in eagar

 Langya henipavirus  
 
 
Tacsanomaíocht
RíochtOrthornavirae
FíleamNegarnaviricota
AicmeMonjiviricetes
OrdMononegavirales
FineParamyxoviridae
GéineasHenipavirus
SpeiceasLangya henipavirus  
Ainmníocht
Ainmnithe in ómósLangya Commandery (en)    
  1. Langya virus: China detects new virus in 35 people
  2. ".CDC to monitor novel virus after China infection reports - Focus Taiwan". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-08-09. Dáta rochtana: 2022-08-09.
  3. Zoonotic Langya virus found in China, CDC says - Taipei Times