Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Leabharlann Éireannach í Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (National Library of Ireland) atá suite i mBaile Átha Cliath, i bhfoirgneamh a bhí deartha ag an ailtire Thomas Newenham Deane.
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann | ||||
---|---|---|---|---|
Lipéad sa teanga dhúchais | (ga) Leabharlann Náisiúnta na hÉireann | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Leabharlann náisiúnta agus músaem náisiúnta | |||
Foirgníocht | 1877 | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Baile Átha Cliath, Éire | |||
Suíomh | Sráid Chill Dara | |||
| ||||
Suíomh gréasáin oifigiúil | nli.ie | |||
Ní thugann an Leabharlann leabhair ar iasacht, agus is sna seomraí léitheoireachta éagsúla a dhéantar an léitheoireacht.
Eagraíocht
cuir in eagarIs é misean na Leabharlainne an taifead doiciméadach agus intleachtach ar shaol na hÉireann a bhailiú, a chaomhnú, a chur chun cinn agus a chur ar fáil agus cur le rochtain a sholáthar ar an domhan mór d’eolas taifeadta.[1]
An tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta atá freagrach as inniu.
Seirbhísí
cuir in eagarIs cuid den Leabharlann Náisiúnta iad an Oifig Ginealais, Oifig an Phríomh-Arailt ar Shráid Chill Dara, agus an Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta i mBarra an Teampaill.[1]
Stair
cuir in eagarBhunaigh an Dublin Science and Art Museum Act, 1877, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.[2] Bhí foráil san Acht gur chóir móramh na mbailiúchán a bhí i seilbh Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath a dhílsiú sa Roinn Eolaíochta agus Ealaíon, mar a bhí ann ag an am, ar mhaithe leis an bpobal agus leis an gCumann, agus chun críocha an Achta.
Ar 29 Lúnasa 1890, osclaíodh an Leabharlann nua, le seó agus le ceiliúradh nach bhfacthas roimhe.[3] Dhear Thomas Newenham Deane an foirgneamh ar Shráid Chill Dara. Baineadh úsáid as chun an ceardaíocht nua-aoiseach na hÉireann, na Breataine agus na Mór-Roinne a thaispeáint sa tógáil.[4][5]
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Suíomh oifigiúil as Gaeilge Curtha i gcartlann 2008-05-31 ar an Wayback Machine
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 nli. "About the Library" (ga). www.nli.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-08-31. Dáta rochtana: 2021-08-30.
- ↑ NLI. "History of the Library" (ga). www.nli.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-08-31. Dáta rochtana: 2021-08-30.
- ↑ "History today" (en-GB). www.irishartsreview.com. Dáta rochtana: 2021-08-30.
- ↑ "Pop-ups and trails to mark 125 years of NMI" (as en) (2015-08-20).
- ↑ "A Magnificent Pile! A brief architectural tour of the main library building". blog.nli.ie. Dáta rochtana: 2021-08-31.