Lee E. McMahon
Ríomheolaí Meiriceánach ab ea Lee Edward McMahon (24 Deireadh Fómhair, 1931 [1] – 15 Feabhra, 1989 [2]).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Deireadh Fómhair 1931 St. Louis, Missouri |
Bás | 15 Feabhra 1989 57 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Harvard Ollscoil Saint Louis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | eolaí ríomhaireachta, innealtóir |
Spórt | Gó |
Saol Pearsanta agus Oideachas
cuir in eagarRugadh agus tógadh McMahon i St. Louis, Missouri, áit ar fhreastail sé ar St. Louis University High School (rang 1949).[3] Sa bhliain 1955, bronnadh céim bhaitsiléara (summa cum laude) air in Ollscoil St. Louis, agus sa bhliain 1963, céim dochtúireachta sa tsíceolaíocht in Ollscoil Harvard.[4] Foilsíodh a thráchtas Ph.D., dar teideal “Grammatical analysis as a part of understanding a sentence” sa bhliain 1963 freisin.
Bhí sé pósta ar Helen G. McMahon agus bhí beirt pháistí acu, Michael agus Catherine.
Bell Labs
cuir in eagarBhí McMahon ag obair in Bell Labs ó 1963 go nuige a bhás sa bhliain 1989. I dtosach, bhí sé ina thaighdeoir teangeolaíochta, ag díriú ar theanga darb ainm FASE (“Fundamentally Analyzable Simplified English”), le rún cumarsáid idir daoine agus ríomhairí a éascú.
Chuaigh McMahon leis an Ionad Taighde Ríomhaireachta in Bell Labs go hoifigiúil sa bhliain 1975.
Is fearr aithne ar McMahon mar gheall ar an obair a rinne sé ar leaganacha luatha den chóras oibriúcháin Unix, go háirithe an t-eagarthóir srutha sed. Chabhraigh McMahon le forbairt comm, qsort, grep, index, cref, cu, agus Datakit freisin.
Péireáil McMahon
cuir in eagarI gcomhar le Bob Ryder, d’oibrigh McMahon ar chóras péireála le haghaidh comórtas go, córas a úsáideadh go forleathan, mar shampla i gcraobhchomórtas SAM sa bhliain 1986.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "NARA — AAD — Display Partial Records".
- ↑ "NARA — AAD — Display Partial Records".
- ↑ "SLUH Alumni — In Memoriam". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-05-21. Dáta rochtana: 2022-06-01.
- ↑ "Doctoral Alumni — Department of Psychology".