Linda Bhreathnach

ban-aisteoir Éireannach

Duine de na haisteoirí is gnóthaí agus is aitheanta atá ag saothrú trí mheán na Gaeilge is ea Linda Bhreathnach. Bíonn sí le feiceáil ar chláir mar Ros na Rún, The Running Mate agus Seacht.

Infotaula de personaLinda Bhreathnach

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1983
40/41 bliana d'aois
Ros Muc, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmban-aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0080436 Instagram: lindabhreathnach Cuir in eagar ar Wikidata

Luathshaol cuir in eagar

Rugadh Linda Bhreathnach sa bhliain 1983 i Ros Muc i nGaeltacht Chontae na Gaillimhe. Ba thábhairneor é a hathair.

Gairm cuir in eagar

Bhain sí ról Róise de Búrca amach ar Ros na Rún tar éis di an Ardteist a chríochnú, nuair nach raibh ach seacht mbliana déag slánaithe aici. Bhain sí an chéad áit i gcomórtas Miss Galway 2007 agus an dara háit i gcomórtas Miss Ireland sa bhliain sin.

Maidir le rólanna, deir sí go mba “bhreá liom an deis a fháil ar stáitse chun bean láidir, fhiáin, a léiriú. Bean neamhspleách, lena cuid smaointe féin, agus duine a bheadh mar inspioráid do mhná eile,” ar sí. “Nílim i ndiaidh an deis sin a fháil go fóill, i ndáiríre, ach b’fhéidir go dtiocfadh sé lá éigin.” É sin is maith léi carachtair dhifriúla a léiriú freisin.

Ról Eithne atá aici i Seacht. Dar léi “Caithfidh mé a admháil go raibh díomá orm ar dtús nuair a léigh mé an script,” ar sí. “Bhí Eithne i gcónaí ina cailín maith, nár chuir isteach ar éinne, agus thaitin an ról sin liom. Bhí mé sásta a bheith ag aisteoireacht mar Eithne, go háirithe mar gur thaitin sí liom mar dhuine. Thuig mé í agus bhí áthas orm nár tharraing sí trioblóid uirthi féin agus nach raibh sí ina duine gránna. Mar sin, bhí mé amhrasach nuair a fuair mé amach go raibh history ag Eithne, agus nach raibh sí chomh soineanta nó chomh deas agus a shamhlaigh muid ar fad ón tús. Is dócha nach raibh ann ach go raibh mé i ndiaidh aithne a chur ar mo charachtar agus go tobann, bhí sí difriúil, agus bhí sin deacair ar dtús. De réir mar a d’éirigh mé cleachtach ar an script, áfach, d’éirigh mé níos compordaí leis an Eithne nua seo, agus tá mé breá sásta leis an ról nua atá agam sa tsraith.”

Taitníonn ióga agus scríbhneoireacht léi.

Tháinig Linda sa dara háit ar An Ríl Deal, comórtas damhsa ar TG4. Ar an gcéad clár, roghnaíodh í mar an damhsóir is fearr agus mar thoradh bhí sí slán go dtí an tríú seachtain. Ar an gcúigiú seachtain bhí sí sa bhunbheirt le Micheál Ó Ciaraidh.

naisc sheachtracha cuir in eagar