Is struchtúr draenach é linn ionnalta[1]umar[2] (Laidin: piscina) in ailtireacht eaglaise. Is báisín cloiche é seo, ina mbíonn poll draenála. Bíonn an báisín suite i gcuasán sa bhalla. Bíonn sé sa bhalla theas in eaglaisí i gcónaí, in aice leis an gcúinne thoir theas. Doirtear amach an t-uisce inar níodh an chailís, an paiteana agus na cruibhéid as an mbáisín.

Linn ionnalta dúbailte i Mainistir Chill Chonaill

Tagairtí cuir in eagar

  1. ""piscina" — téarma.ie". Dáta rochtana: 2022-07-28.
  2. "English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): piscina". Dáta rochtana: 2022-07-28.