Liosta de charachtair Ros na Rún (2007)

Sobaldráma Gaeilge atá á chraoladh ar TG4 (TnaG) ó 3 Samhain 1996 ar aghaidh é Ros na Rún. Is liosta é seo de charachtair Ros na Rún. Bhí na carachtair seo ar an seó den chéad uair sa bhliain 2007.

Frances Uí Dhireáin cuir in eagar

Frances Uí Dhireáin
Carachtar Ros na Rún
AisteoirAnnMarie Ní Óráin
Blianta2007–
Céad chlár2007
RangúchánReatha, athfhillteach

Rinne Frances Uí Dhireáin (AnnMarie Ní Óráin) a céad cuma sa bhliain 2007.

Tá sí pósta le Tadhg Ó Direáin. Tá cumas iontach ag Frances modh réitigh a fháil le daoine, is cuma cé chomh cosúil nó chomh héagsúil agus atá siad léi féin. Mar gheall ar an tréith sin, creideann a lán daoine go bhfuil aithne mhaith acu uirthi, ach is duine príobháideach í i ndáiríre agus ní ligeann sí a rún go héasca. Níl aon rud níos tábhachtaí di ná a teaghlach. Leis an gcumas atá inti a theacht trí dheacrachtaí an tsaoil, mar aon lena spreac mothúcháin, is bean le háireamh í Frances. Níl aon duine eile a bhfuil an teacht céanna acu ar an taobh bog de Thadhg agus atá ag Frances, agus níl aon deacracht aici seasamh roimhe nuair a imíonn sé den chosán.

Tina O'Dowd cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar