Loch Dabhach a' Phùir
Loch fionnuisce Albanach is ea Loch Dabhach a' Phùir[1], atá suite sna Garbhchríocha, thart ar seacht gciliméadar siar ó dheas ó Inbhir Nis. Tá sé in aice le Loch Nis, thart ar 500 méadar soir ó thuaidh sa Ghleann Mór.
Cineál | Loch ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | an Chanáil Chaladónach ![]() | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Comhairle na Gàidhealtachd, Scotland ![]() | |||
| ||||
Craobh-abhainn | ||||
Eisilteach | Abhainn Nis ![]() | |||
Tréithe | ||||
Toisí | 0.35 (![]() ![]() | |||
Tá an loch thart ar 1.6 km ar fhad agus thart ar 350 méadar ar leithead ag an bpointe is leithne. Cothaíonn Abhainn Nis an loch ón iardheisceart agus a an abhainn amach as an loch san oirthuaisceart.
Tá Loch Dabhach a' Phùir mar chuid den Chanáil Chaladónach. Nuair a tógadh an Chanáil Chaladónach, d'ardaigh dromchla an locha thart ar 3 mhéadar, agus tá sé thart ar 16 mhéadar os cionn na farraige anois.[2] Tá sé thart ar 50 troigh ar doimhneacht, ag a phointe is doimhne.[3]
Téann an bóthar A82 thar chladach thuaidh an locha, rud a chiallaíonn go bhfuil sé éasca teacht air. Tá Taigh Dabhach a' Phùir, foirgneamh ón 18ú haois, suite ar bhruach an locha.[4] Tá na gairdíní tarraingteach do thurasóirí.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Dochfour/Dabhach a' Phùir". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-04-26. Dáta rochtana: 2019-04-26.
- ↑ Duilleag Loch Nis (Beurla)
- ↑ Murray, Sir John and Pullar, Laurence (1910) Bathymetrical Survey of the Fresh-Water Lochs of Scotland, 1897-1909. "Lochs of the Ness Basin"[nasc briste go buan], td 383, Iom-leabhar II, Pàirt I. Leabharlann Nàiseanta na h-Alba.
- ↑ "Dochfour House".
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Mapa an locha Bathymetrical Survey of the Fresh-Water Lochs of Scotland (1910). Tá Loch Dabhach a' Phùir ar thaobh na láimhe deise.