Lorcán mac Lachtna
Rí Dhál Chais ba ea Lorcán mac Lachtna (fosta Lorcán Loch Deirgdheirc nó Lorcán na Long ) (bás 942).[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 951 (Féilire Ghréagóra) |
Beatha
cuir in eagarDar leis An Leabhar Muimhneach, tháinig Lorcán i gcomharbacht ar Reabachán mac Mothla (bás 934).[2] Sa bhliain chéanna, maraíodh Duibhghiolla mac Reabacháin ag Conghalach mac Lorcáin. Is dócha go raibh Lorcán agus Uí Thoirdhealbhaigh in ann an ríogacht a ghabháil de thairbhe an fheillghnímh seo.[3]
Bás
cuir in eagarDar le O'Hart, fuair sé bás sa bhliain 942,[4] agus tháinig a mac Cinnéidigh in gcomharbacht air.
Clann
cuir in eagarBhí ceathrar mac ag Lorcán, a bhunaigh uile a gclann féin:[5]
- Cinnéidigh
- Cosgarach
- Longargán
- Conghalach
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ An Leabhar Muimhneach, Tadhg Ó Donnchadha, ll. 113, 156
- ↑ Leabhar Muimhneach, lch. 323
- ↑ Brian Boru and the Battle of Clontarf, Seán Duffy, 2013, lch. 74
- ↑ Irish pedigrees, John O'Hart, lch. 156
- ↑ An Leabhar Muimhneach, lch. 298