Luiz Inácio Lula da Silva
Polaiteoir de chuid na heite clé, iaruachtarán na Brasaíle, agus uachtarán tofa sa bhliain 2022, is ea Luiz Inácio Lula da Silva, a rugadh ar 6 Deireadh Fómhair 1945.
BeathaCuir in Eagar
Tháinig Lula ar an saol ar 6 Deireadh Fómhair 1945 in oirthuaisceart thur thirim na Brasaíle. Nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois, shocraigh a mháthair teitheadh ón triomach agus ón anachain. Thug sí a muirear go cathair São Paulo: trí lá dhéag ar chúl leoraí.[1]
CeardchumannaíCuir in Eagar
Chaith Lula an chuid is mó de na 1970idí agus tús na 1980idí ag troid i gcoinne na deachtóireachta míleata, a bhí i réim ag an am sin. Agus é ina ard-rúnaí ar Cheardchumann na nOibrithe Miotail in São Bernardo do Campo, cathair thionsclaíoch i mór-réigiún São Paulo, bhí sé i gceannas ar shraith stailceanna ollmhóra a rinne dochar mór millteach d’eacnamaíocht na Brasaíle ar fad – ceann de na cúiseanna gur tháinig deireadh, sa bhliain 1985, le réimeas na nginearál.[1]
Bhunaigh Lula agus daoine eile Páirtí na nOibrithe (nó an 'PT') sa bhliain 1980. Bhí Lula ina uachtarán ar an bpáirtí ó na 1980idí ar aghaidh.[2]
Uachtaránacht 2003-2011Cuir in Eagar
In 2002, tar éis gur theip air faoi thrí, toghadh é ina uachtarán ar an mBrasaíl den chéad uair agus atoghadh é in 2006. Bhí Lula ina uachtarán ar an mBrasaíl idir an 1 Eanáir 2003 agus an 1 Eanáir 2011.
Tháinig feabhas mór millteach ar chaighdeán saoil na cosmhuintire agus na meánaicme araon.
Thug a chuid polasaithe sóisialta dhá scór milliún duine slán ón mbochtanas, tháinig deireadh leis an ocras agus tháinig fás as cuimse ar an meánaicme.[1]
ScannalCuir in Eagar
Le linn do Lula a bheith i gceannas ar an mBrasaíl, tharla an scannal calaoise is mó riamh i stair na tíre sin: scéim cheannaithe vótaí a cuireadh ar bun d’fhonn a chinntiú go dtabharfadh ionadaithe páirtithe eile i gcomhrialtas Lula tacaíocht do pholasaithe Pháirtí na nOibrithe.
Shéan Lula i gcónaí go raibh sé féin ar an eolas faoin scéim sin agus cé gur cuireadh ar neamhní téarma príosúin a gearradh air cúig bliana ó shin maidir le líomhaintí eile, lean boladh na caimiléireachta é féin agus Páirtí na nOibrithe ó shin.
As oifig, 2011-2022Cuir in Eagar
Táinsíodh comharba Lula, Dilma Rousseff, ar bhealach conspóideach sa bhliain 2016 agus tháinig Jair Bolsonaro chun cinn.
Toghadh Bolsonaro in 2018 agus tá sé ina uachtarán ar an mBrasaíl ón 1 Eanáir 2019 i leith. Is é an chéad uair riamh é i stair na tíre nár atoghadh uachtarán don dara tréimhse, agus is dócha gur léargas ann féin an méid sin ar a oidhreacht.
2022Cuir in Eagar
Bhuaigh Lula an toghchán uachtaránachta arís ar 31 Deireadh Fómhair 2022. D'éirigh an Lúlach ina uachtarán ar an mBrasaíl den tríú huair, in aois 77 dó ag an am.[1]
Fíorbheagán — 50.9% den vóta le hais 49.1% — a bhí idir é agus a chéile comhraic, Jair Bolsonaro, pobalóir i bhfad amach ar an eite dheis.[3] Ní raibh idir an bheirt iarrthóirí ach oiread na fríde: níos lú ná 2 mhilliún vótaí.
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Alex Hijmans (31 Deireadh Fómhair 2022). "TUAIRISC ON mBRASAÍL: Lá eile ag an Lúlach agus na tinte ealaíne ag pléascadh os mo chionn…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-31.
- ↑ "Workers' Party (Brazil)" (as en) (2022-11-01). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-10-31). "An Bhrasaíl: Lula caithréimeach, Bolsonaro ciúin" (as ga-IE).