Cás cáiliúil i réimse Dlí na gConarthaí ba ea Lumley v Wagner, 1852 (64 ER 1209).[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLumley v Wagner, 1852
Cineálcás dlí Cuir in eagar ar Wikidata
CúirtCourt of Chancery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Her Majesty's Theatre, Londain, inniu
Johana Wagner, 1860
Benjamin Lumley

Fostaíodh Mlle Johanna Wagner mar amhránaí san amharclann. Her Majesty's Theatre, Haymarket, Londain ar feadh tréimhse trí mhí. Shínigh an bainisteoir, Benjamin Lumley, conradh eisiach léi. Ach tairgeadh post di a raibh níos mó airgid ag dul leis; thairg an amharclann Covent Garden conradh tarraingteach.

Bhí Wagner ag iarraidh teacht salach ar an gconradh a bhí aici le Her Majesty's. Rinne an amharclann iarratas ar urghaire eatramhach in aghaidh Wagner. Dheonaigh an chúirt urghaire a chuir bac ar Wagner ach tugadh cead achomhairc.

Ar aon nós, ní raibh an gearánaí (anseo Lumley) i dteideal urghaire a fháil chun iallach a chur ar Wagner a bheith ag canadh de réir a briathair. Mar sin, chreid Wagner go raibh saor dul áit éigin eile agus nach raibh cead ag Lumley iallach a chur uirthi fanacht ina tost.

Phléigh an an t-achomharc an raibh deis ag gearánaí (anseo Lumley) bac a chur ar thaibheoir (anseo Wagner), trí urghaire, teacht salach ar an gconradh a bhí aici le bheith ag canadh thar ceann an ghearánaí.[2] Rialaigh an chúirt nach raibh cead ag Lumley dul ag ceol áit éigin eile.[3]

Tugadh an breithiúnas ar 26 Bealtaine 1852.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Lord Chancellor Lord St. Leonards. (26 May 1852). "Lumley v Wagner [1852 EWHC Ch J96]". 
  2. Scoil Dlí, COBÁC (2020). "Lumley v. Wagner". Dáta rochtana: 2022.
  3. G.L. Clark (1917). "IMPLICATIONS OF LUMLEY V. WAGNER". Dáta rochtana: 2022.