Máire Nic a Liondain
file Éireannach sa 18ú haois
Luaitear trí dhán leis an bhfile Máire Nic a Liondain (fl. 1750) agus tá a lán dánta eile dá cuid caillte.
Gníomhaíocht | |
---|---|
Gairm | file |
Tógadh lastuaidh de Dhún Dealgan í. Fear uasal, file agus cláirseoir a raibh fáilte aige roimh fhilí eile ba ea a hathair Pádraig Mac a Liondain. Tá dhá dhán fhada de chuid Mháire ar marthain, ceann acu ag fáiltiú roimh fhear darbh ainm Seosamh Pluinceíd chun a ceantair féin agus ceann eile ag caoineadh a bháis.[1]
A hainmse is mó a luaitear leis an amhrán Coillte Glasa an Triúcha, amhrán a bhfuil an iomad leaganacha de ann. Tá cosúlachtaí idir an friotal atá ann agus friotal na ndánta fada.[1]
Deirtear gur chláirseoir í Máire; b’fhéidir gurb ise a chum an fonn.[1]
Coillte Glasa an Triúcha (sliocht)
cuir in eagar(An fear)
- Ó Pharrthas ní aithin damh aon áit insan chruinne
- Is áille is is deise cúirtibh –
- Fonn agus fearann, coill is abhaill,
- Toradh trom, piorraí is úlla;
- Caora ar chrannaibh, cná buí ar choilltibh,
- Ag dortadh le ceathaibh cnuasaigh,
- An chóisir inár gcoinne, is na céadtaí dár gcineadh
- Fá choilltibh glasa an Triúcha.
(An bhean)
- Aidmhím gan scáth gur maith a bhfuil tú a’ rá
- Fá thorthaibh is fá cnuasaigh;
- ‘S gurb aoibhinn an ái atá againn le fáil
- Is nach eagal dúinn go bráth cumha ann.
- Acht dá mbeadh seinm na ndán is gach éan dá raibh san árc
- Ag ceiliúr go bráth dúinne,
- Char mhiste dhúinn cáil den arán a bheith i láthair
- I gcoilltibh glasa an Triúcha.