Mífheidhmiú ardúcháin

(Athsheolta ó Mífheidhmiú adhairce)

Is mífheidhmiú adhairce an neamhábaltacht comhriachtain a dhéanamh de bhrí nach féidir leis ardú an phéinis a chur i ngníomh. Nó an t-éagumas fireann a tharlaíonn de bharr easpa adhairce a bheith ar fhear, toisc go dteipeann ar fhíochán an bhoid cruachan agus at.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarMífheidhmiú ardúcháin
cuir in eagar
Cineálsexual dysfunction (en) Aistrigh, reproductive system symptom (en) Aistrigh agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisúireolaíocht, síciatracht, síceolaíocht agus gnéaseolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Cóireáilsíciteiripe Cuir in eagar ar Wikidata
 Cógais
Pataigineas
Cúis ghéiniteachPHACTR2, F13B, FSHR, TTC7A, PTGFRN, LRP1B, AOPEP, GLI2 agus CNNM3 Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10F52.2 agus N48.4 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9302.72 agus 607.84 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPY07 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0188257 agus 0188253 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB21555 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus003164 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine444220 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKerectile-dysfunction Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD007172 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0242350 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:1875 Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard is cúis leis an gcruachan an fíochán a líonadh le fuil mar a líonfadh spúinse, i dtreo gurb ionann an fhuil agus sreabhán hiodrálachais. Spreagadh collaí a chuireann tús leis an líonadh sin, spreagadh a sheolann teachtaireacht ón inchinn chuig néaróga san pheilbheas.

Cúiseanna cuir in eagar

Is iomaí cúis atá leis an mífheidhmiú. I gcuid bheag de na cásanna bíonn galar orgánach mar bhun leis[1], cosúil le tál uireasach na hormón gnéasach ag an bhfaireog phiotútach nó an uirí, riochtaí mar dhiaibéiteas ina mbíonn dochar éigin don néarsholáthar simpiteach d'fhuileadáin an phéinis, agus galair ghéara lagaithe eile (fadhbanna néareolaíocha, mar shampla, an dochar a rinne próstaiteachtóime).

Is féidir go mbeidh sreabhadh uireasach fola, cliseadh na néaratharchuradóirí, nó fo-iarsmaí drugaí ina bhfachtóirí (nó easpa hormón agus na hiarsmaí is féidir a bheith ann de dheasca cógais áirithe), nó galracha cardashoithíocha sa riocht freisin.

 
Pumpa mar leigheas

Ach cúiseanna síceolaíocha is mó a bhíonn mar bhun leis.

Ina measc seo bíonn neart an spreagtha ghnéasaigh, seasaimh na bpairtnéirí maidir le gnéas, agus an caidreamh pósta, clainne is sóisialta.

Leigheas cuir in eagar

Oibríonn Viagra trí shreabhadh na fola trí na baill ghiniúna fhireanna (an péineas) a mhéadú. Braitheadh an iarmhairt seo nuair a bhí an druga á thástáil mar chóireáil ar ghalar croí.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)