Is daingean an-simplí Normannach é móta agus bábhún. Tógadh iad san bhFrainc, san Bhreatain agus in Éirinn san aonú haois agus san dóú haois déag, mar go raibh siad a bheag nó a mhór saor agus tapa le tógáil. D'fhéadfaí feidhm a bhaint astu mar dhúnchla cosanta nó áit dídine.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Móta agus bábhún
Íomhá
Sonraí
Tréimhse amaAn Mheánaois
Daingean
Ward (en) [[File:Noun Project label icon 1116097 cc mirror.svg
Rampar
Sonnach
Caisleán Windsor sa bhliain 1743 le Batty Langley

Foirgníocht cuir in eagar

 
Móta agus bábhún - An Chloch, Contae an Dúin.

Is tulach nó cnocán ard cré é móta (nó motte sa bhFraincis) agus is minic a bhaintí feidhm as mullóg nádúrtha nó as sean-ráth. Thógtí daingean déanta as adhmaid nó clocha. Bhaintí cré ón díog, tochailte timpeall ar an mhóta ag bun an tulaigh nó timpeall ar an daingean go léir.

Bheadh an dromchla lasmuigh den mhóta clúdaithe le chré nó daingnithe le hadhmaid tacaíochta.

Is féidir go mbeadh dhá mhóta ag na daingin is mó, mar atá i gCaisleán Lewes. Bheadh sonnach adhmaid ar an chuid is mó de na caisleáin bhunaidh agus túr faire adhmaid i lár baill acu.