Madadhán mac Gadhra Mhóir
Sinsear eapainmneach Uí Madadháin agus rí Síol Anmchadha ba ea Madadhán mac Gadhra Mhóir (bás 1008).
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 1008 |
Teaghlach | |
Páiste | Diarmaid mac Madadháin |
Athair | Gadhra Mór mac Dúnadhaigh |
Beatha
cuir in eagarGadhra Mór mac Dúnadhaigh, a throid i gCath Chluain Tarbh sa bhliain 1014, ba ea athair Madadhán. Maraíodh a dheartháir, Cú Chonnacht (bás 1045), é sa bhliain 1008. Deirtear gur tigherna Shíol Anmchadha é ina thásc i nAnnála na gCeithre Máistrí.[1] Tá amhras ar Gerard Madden ámh go ndearnadh tiarna de, óir gur éirigh a athair ina rí an bhliain chéanna.
Níl aithne ar chlann Mhadagáin ach Diarmaid mac Madadháin (i réim 1032–1069). Ba é a mhacsa, Madadhán Reamhar Ua Madadháin (rí 1069-1096), an chéad duine a ghlac an sloinne Ó Madadháin.
Ina eagrán de Tribes and Customs of Hy-Many, luann John O'Donovan téacs scríofa agus Eoghan Ó Madadháin (bás 1347) beo, ina ndeirtear gur 'mac Madadháin saibhir, mac Gadhra shriain' é Madadhán.
Foinsí
cuir in eagar- O'Madáin: History of the O'Maddens of Hy-Many, Gerard Madden, 2004. ISBN 0 9529511 77.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1008.8
Réamhtheachtaí Cú Chonnacht mac Dúnadhaigh |
rí Síol Anmchadha 1006–1008 |
Comharba Gadhra Mór mac Dúnadhaigh |