Bunaíodh Mainistir MhucroisMainistir Locha Léin sa 15ú céad agus tá cuma fíormhaith uirthi go fóill. Mainistir Phroinsiasach ab ea í. Tógadh an séipéal roimh an túr, agus is é seo an t-aon túr Proinsiasach in Éirinn atá chomh leathan leis an séipéal. Tá an mhainistir agus na foirgnimh go léir a bhaineann léi ina seasamh agus tá seanchrann iúir, Taxus baccata, i lár báire. Sa bhliain 1652, chuir lucht Chromail an ruaig ar na manaigh.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Mainistir Mhucrois
Íomhá
Sonraí
CineálAbtheach
Foirgníocht15 haois Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Chiarraí, Éire
Map
 52°01′34″N 9°29′44″W / 52.0261°N 9.4956°W / 52.0261; -9.4956
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir311
Clós clabhstraíthe na Mainistreach agus an crann ag fás i lár báire.

Sa 17ú agus sa 18ú céad, adhlacadh roinnt filí iomráiteacha na háite ann, Aogán Ó Rathaille agus Eoghan Rua Ó Súilleabháin.