Maolmhuire de Búrca, 2ú Bíocunta Mhaigh Eo

Ba é Maolmhuire de Búrca, 2ú Bíocunta Mhaigh Eo (c. 1585–1649), an mac ba shine, den cheathrar mac agus triúr iníonacha, Tibbot na Long Bourke, 1ú Bíocunta Mhaigh Eo, agus a bhean Méabh nó Maud, iníon Shéarlai Uí Chonchobhair Sligigh. Coinníodh mar urra don stát é as mí-iompar a athar sna blianta 1592–1601 agus 1608–10.

Tá sé molta an t-alt seo nó an rannán seo a chumasc le Maolmhuire de Búrca, 2ú Bíocúnta Mhaigh Eo. (Pléigh)
Infotaula de personaMaolmhuire de Búrca, 2ú Bíocunta Mhaigh Eo

Sa bhliain 1620 bhí amhras air go raibh baint aige le dúnmharú a rinne cuid dá ghaolta agus cuireadh i bpríosún é ar feadh breis is bliain. Sa bhliain 1622, tar éis dó a bheith scaoilte saor, scar sé óna bhean Honora, iníon Sir John Burke, ó Dhoire Mhic Lachna, Co. na Gaillimhe, agus a bhean Margaret, ag líomhain mí-iompar le linn a phríosúnachta.

Bhí triúr mac agus iníon amháin acu. Cosúil lena athair, cuireadh ina leith go raibh baint aige le comhchealga urraithe ag ag lucht na Spáinne sna 1620í, cé go raibh amhras ar Fear Ionaad an Rí Henry Carey, 1ú Bíocunta Falkland, go raibh na héilimh mailíseach. B’fhéidir gur cruthaíodh barúntacht dó nuair a bhronnadh bíocuntacht ar a athar, sa bhliain 1627, mar chuaigh sé lena athair ag feidhmiú mar choimisinéir do Cho. Mhaigh Eo chun cistí a bhailiú chun tacú leis an arm. Tháinig sé i gcomharbacht air mar 2ú Bíocunta Mhaigh Eo ar 18 Meitheamh 1629. Bhí réadmhaoine fairsinge aige i gCo. Mhaigh Eo, go háirithe i mbarúntachtaí Bhuiríos Umhaill agus Chartha, agus bhí cónaí air go príomha i mBaile na Cora, Co. Mhaigh Eo. Tar éis a dhara pósadh, d'Elizabeth (a dtugtar Éilís nó Isabella mar ainm uirthi freisin), baintreach John Benboe agus iníon le William agus Mary Hodges as Ilchester, chloígh sé leis an bProtastúnachas. Bhí sé ar dhuine de na piaraí a rinne achainí ar údaráis Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1630, maidir lena dteip ar athghairm parlaiminte agus gan cuid de na Graces a chur i bhfeidhm. Ina ríchomhairleoir sa bhliain 1640, bhí sé gníomhach i bParlaimint 1640-41 agus ghníomhaigh sé in éineacht le James Butler, Iú Iarla Urmhumhan, mar chosaint ar chomhghleacaithe Thomas Wentworth, a bhí i mbaol táinsimh.