Mark Dearey

polaiteoir Éireannach

Is polaiteoir de chuid an Chomhaontais Ghlais é Mark Dearey (rugadh 19 Márta, 1963) agus chomhalta de Sheanad Éireann. D'ainmnigh an Taoiseach é ar an 23 Feabhra 2010 i ndiaidh do Dhéirdre de Búrca éirí as.

Infotaula de personaMark Dearey

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith19 Márta 1963
61 bliana d'aois
Contae Lú, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir na hÉireann
23 Feabhra 2010 – 25 Aibreán 2011
Téarma parlaiminte: 23ú Seanad Éireann

Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaComhaontas Glas Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí sé ina Comhairleoir Contae roimhe sin ar Chomhairle Contae Lú agus ina bhall de Chomhairle Baile Dhún Dealgan don Chomhaontais Ghlais. Toghadh é ar an gComhairle Bhaile sa bhliain 2004 agus atoghadh é sa bhliain 2009 agus toghadh é ar an gComhairle Contae don chéad uair freisin.

Bhí sé ina iarrthóra i gcomhair an Comhaontas Ghlais sa toghchán ginearálta 2007 i ndáilcheantar Lú agus gnóthaigh sé 7% de na vótaí céad rogha ach ní raibh sé tofa.

Tháinig sé ar dtús roimh aird an phobail i gContae Lú sa bhliain 1994 nuair a thóg sé agus triúr eile cás dlí i gcoinne British Nuclear Fuels Limited, ag iarraidh deireadh a chur le hathphróiseáil ag Sellafield. Tá an gníomh cúirte fós ag dul ar aghaidh agus tá an grúpa Stop Thorp Alliance Dundalk i gcónaí ag lorg aird a tharraingt ar an mbaol a bhaineann le athphróiseáil breosla núicléach, malairt roghanna, agus an t-easpa phráinn a bhíonn ar Rialtais cás na hÉireann a chur ar aghaidh.

Go luath sna 1990idí d'oibrigh sé mar mhúinteoir scoile i gColáiste Éanna i mBaile Átha Cliath roimh thosú amach ar ghairm sa ghairneoireacht orgánach áit ar oibrigh sé ar feadh naoi mbliana. Tá sé ina úinéir agus ina bhainisteoir anois ar An Spirit Store, beár ceoil i nDún Dealgan.

Tá sé ina Stiúrthóir ar 'Turas' , seirbhís le haghaidh andúileach druga. Tá sé ar dhuine de bhunaitheoirí an 'Newry Dundalk Farmers Market' , ina Chathaoirleach ar 'Choiste Lá Fhéile Pádraig', agus ina bhall de 'Bhord Cairde na Cruinne' (Friends of the Earth), Éire.

Tá Dearey ag seasamh san Olltoghchán 2016.