Mazabuka
baile sa tSaimbia
Is baile i gCúige ó Dheas Shaimbia é Mazabuka. Tá an baile suite siar ó dheas ó Lusaka, agus téann Bóthar Lusaka-Livingstone agus an iarnród chuig Livingstone fríd. Tá an baile lonnaithe ar imeall thoir theas bhogach Kafue Flats.
![]() | |||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| |||||||||
Suíomh | |||||||||
| |||||||||
| |||||||||
Daonra | |||||||||
Iomlán |
203,219 ![]() | ||||||||
Tíreolaíocht | |||||||||
Airde |
1,050 m ![]() | ||||||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||||||
Lonnaithe i gcrios ama |
Is ón fhocal Tonga "Twazabuka" nó "Kuzabuka", rud a chiallaíonn "Trasna na habhann" a thagann an t-ainm Mazabuka. Creidtear gur cumadh an t-ainm i ndiaidh don tréibh Tonga abhainn Magoye a thrasnú le linn a n-imirce.
D'fhás an baile thart ar phlandálacha cána siúcra, agus faoi láthair is Zambia Sugar (Eastát Nakambala á reáchtáil ag Illovo Sugar) an táirgeoir siúcra is mó sa tSaimbia. Tá Mazabuka suite in aice le Limistéar Comhantais Mwanachingwala . Meastar go raibh a 35,000 duine ina gcónaí ann i 2000. [1]
Gnéithe MazabukaCuir in Eagar
- Is scoil chónaithe príobháideach í Bunscoil Musikili do pháistí idir 5 agus 13 bliana d'aois.
- Is bunscoil saor in aisce í an Scoil Pobail Luyobolola atá curtha ar fáil ag Paróiste an Deastógail(féach naisc seachtracha thíos).
- Is gnáthbhunscoil í Bunscoil Ching'ang'auka atá cóngarach do Mwanamainda.
- Is suíomh tástáil fadtéarmach mór agus tábhachtach ar bhearta coisctheacha sa chogadh i gcoinne SEIF é Mazabuka
- Is é Comhairle Bardasach Mazabuka an t-údarás áitiúil atá lonnaithe ar Bhóthar Livingstone (T2).
- Is scoil do pháistí le míchumais í Flamboyant atá suite ar imeall an bhaile.
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Rinne láithreán gréasáin Daonra na Cathrach rochtain ar 16 Aibreán 2007.