MediaWiki:Optin-improvements

Cad atá feabhsaithe?

 
Nascleanúint bhreisithe

Tá sé níos éasca le feiceáil cá háit ina bhfuil tú agus cad atá á dhéanamh agat, na háiteanna is féidir leat cuairt a thabhairt dóibh agus conas teacht orthu, a bhuíochas ar an gcóras nascleanúna nua. Tá an bosca cuardaigh suite sa chúinne uachtarach deas, agus mar sin tá sé níos éasca agus níos tapúla chun é a aimsiú agus an ghné chuardaigh a úsáid.

 
Feabhsúcháin don bharra uirlisí

Tugann na deilbhíní nua-fheabhsaithe léiriú ar an ngníomh a dhéanann gach uirlis. Laghdaítear an tranglam mar gheall ar ranna infhairsingthe, a chabhraíonn chun uirlisí nach n-úsáidtear go minic a choinniú insroichte le cliceáil amháin. Cuireann an rannán cabhrach rochtain mhear ar fáil ar téacs tagartha a léiríonn úsáidí coitianta an mharcála vicí.

Conas a bheith páirteach

Má tá sé ag teastail uait tuilleadh eolais a fháil ar an dtionscadal nó bheith páirteach, tabhair cuairt ar vicí an Tionscnaimh Inúsáideachta. Sa suíomh sin, gheobhaidh tú eolas ar ár deontas, taighde, dearadh ⁊ forbairt, agus eisiúntí. Bain úsáid as leathanach plé ár bhfréamhshamhail chun ceisteanna a chur dúinn nó chun aiseolas ginearálta a fhágáil. Má tá fonn ort ábhair ar leith a phlé, bain úsáid as na leathanaigh phlé ghaolmhara. Má aimsíonn tú fabht, fág nóta tráchta ina thaobh ar leathanach plé an eisiúna Acai nó trí Bugzilla.

Go raibh maith agat, agus tá súil againn scéala a fháil uait!