Miseno
Ceann de na frazioni de bhardas Bacoli i gCúige Napoli san Iodáil is ea Miseno. Anallód i ré impireacht na Róimhe, thugtaí Misenum air agus is suíomh calafoirt Rómhánach mór le rá é.
TíreolaíochtCuir in Eagar
Is ionann Capo Miseno in aice láimhe agus ceann thiar thuaidh Bhá Napoli.
StairCuir in Eagar
De réir na miotaseolaíochta, ainmníodh Misenum i ndiaidh Mhisenuis, compánach Eachtair agus trumpadóir Aeinéas .Bhí Misenus in ainm is a bheith báite in aice anseo tar éis comórtais trumpa leis an dia-farraige Tríotón, mar atá taifeadta ag Veirgil san Aeinéid.