Is feachtas feasachta, agus carthanas cláraithe, é Movember (portmanta de moustache agus November) le daoine a chur ar an eolas faoi shláinte na bhfear.[1] Is gluaiseacht dhomhanda é, a bunaíodh san Astráil sa bhliain 2003. Bliain i ndiaidh bliana, bailítear na mílte euro ar son mheabhairshláinte na bhfear tríd an bhfeachtas ‘Movember’, nó 'Mó na Samhna', Croiméal na Samhna nó fiú ‘CromShamhain’ mar atá tugtha air uaireanta.[2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtMovember
CineálÓcáid bhliantúil agus fondúireacht Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Adam Garone Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinmovember.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: MovemberUSA Twitter: movember Instagram: movember Cuir in eagar ar Wikidata

Tarraingíonn an ghluaiseacht aird go háirithe ar ailse uiríoch,[3] ailse phróstataigh agus ar.mheabhairshláinte na bhfear (ar na rátaí arda féinmharaithe ach go háirithe).

Is carthanas cláraithe é Movember

Feachtais cuir in eagar

Qantas Wallabies Boeing 737-800, 2012
Movember mar Batman

Gach mí na Samhna, fásann a lán fear croiméal chun airgead a bhailiú don eagraíocht. Uaireanta bearraann na muisteaisí a bhí á bhfás i gcaitheamh mhí na Samhna chun airgead a bhailiú chomh maith.

Bíonn siad ag iarraidh aird na ndaoine a dhíriú ar shláinte na bhfear chomh maith, agus an tábhacht a bhaineann le tacaíocht a thabhairt dá chéile.[4] Bíonn neart feachtais ann le linn Movember le fir a spreagadh le dul chun scagthástáil a fháil.[1]

Tá mioneolas ar mheabhairshláinte na bhfear ar fáil ar leathanach Movember, agus eolas maidir le cad is féidir a dhéanamh agus a rá sa chás go bhfuil tú ag iarraidh comhrá a dhéanamh le cara leat mar gheall ar an meabhairshláinte.[5]

Stair cuir in eagar

Thosaigh an feachtas san Astráil sna 2000idí luath nuair a rinne grúpa cairde an cinneadh gur theastaigh uathu seanstíl an chroiméil a athbheochan. Nuair a tosaíodh ar an bhfeachtas san am sin, bhí an croiméal tite go mór as faisean le hais bhlianta órga an chroiméil sna 1970-1980idí, agus bhí súil ag lucht bunaithe an fheachtais go dtarraingeodh na boilbín béil aird na gcairde agus na ngaolta agus go bhféadfaí tús macánta a chur le galair a bhíonn ar fhir.[2]

Movember in Éirinn cuir in eagar

In 2014, bhailigh “Movember” €1.4m in Éirinn amháin.[6] In Éirinn, is iondúil go roghnaítear carthanacht meabhairshláinte do Mhó na Samhna, ach dírítear freisin ar ghalair eile ar nós na hailse, go mór mór ailsí a bhíonn ag cur isteach ar fhir den chuid is mó.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Seán Ó Dubhchon (13 Samhain 2023). "Movember – deis iontach le sláinte na bhfear a phlé < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2023-11-14.
  2. 2.0 2.1 2.2 NÓS (2019-11-30). "In ainm Chroim! Airgead á bhailiú ar son shláinte na bhfear" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-11-14.
  3. nó ailse mhagairle
  4. maynoothuniversity.ie (11 Samhain 2019). "Eleathanach". Dáta rochtana: 2023.
  5. Oisín Uíbh Eachach (2022-11-17). "'Éilíonn tagairtí Shéamuis Barra Uí Shuilleabháin don ghalar dubhach anailís, caint, agus comhrá'" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-11-14.
  6. Conor de Paor | Sep 28 2016. "Éagóir chumtha na hailse in Éirinn" (en-ie). University Observer. Dáta rochtana: 2023-11-14.