Muiris Ó Laoire

scríbhneoir agus acadóir Éireannach

Is scríbhneoir agus acadóir Éireannach é an tOllamh Muiris Ó Laoire.[1] Ciarraíoch atá ann a bhfuil léachtóireacht sa Ghaeilge déanta aige san Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí. Oifigeach Oideachais le Gaeilge sa Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta a bhí ann freisin.

Infotaula de personaMuiris Ó Laoire
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, léachtóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirInstitiúid Teicneolaíochta Trá Lí
Ollscoil Auckland Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinittralee.ie… Cuir in eagar ar Wikidata

Tá céim dochtúireachta aige ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Tá téacsleabhair agus ailt éagsúla foilsithe aige i réimse an oideachais agus na teangeolaíochta feidhmí.

Athbheochan cuir in eagar

Scríobh an Laoireach leabhar dar teideal Athbheochan na hEabhraise - Ceacht don Ghaeilge faoi athbheochan theanga na hEabhraise. Tugtar léiriú sa leabhar ar ghnéithe áirithe d'athbheochan na hEabhraise sa Phalaistín le linn na tréimhse 1880 go 1930.

Féachtar sa leabhar seo ar chúlra stairiúil na hathbheochana agus dírítear ar ar na cúinsí a bhí laistiar de leathnú na teanga, go háirithe i réimsí an teaghlaigh agus an oideachais. Scrúdaítear cúlra athbheochan na Gaeilge agus cuid den phleanáil teanga a rinneadh abhus ar mhaithe le roinnt gnéithe inchomparáide idir an dá athbheochan a léiriú. Is saothar taighde é an leabhar seo agus is é bonn na hanailíse ann ná an cheist seo a leanas a fhreagairt: Cén fáth go raibh rath chomh mór is a bhí ar athbheochan na hEabhraise in Iosrael, agus céard is féidir leis na Gaeil a fhoghlaim chun an dul chun cinn céanna leis an nGaeilge a bhaint amach?

Tagairtí cuir in eagar

  1. Lárionad na dTeangacha Feidhmeacha. "Prof. Muiris Ó Laoire | University of Limerick". ulsites.ul.ie. Dáta rochtana: 2020-08-05.