Néaróga Cráiniacha
Is 12 péire de néaróga atá lonnaithe taobh istigh, den chuid is mó, de bhlaosc an duine, atá i gceist leis na Néaróga Cráiniacha. Smachtaíonn siad na céadfaí atá ag roinnt orgán atá gearr don bhlaosc; na súile, an teanga, matáin na haghaidhe, na cluasa agus an tsrón ina measc. Tagann 2 cheann ón gceirbream agus 10 gcinn ó stoc na hinchinne.

██ I. – An Néaróg Bholtanach
██ II. – An Néaróg Shúil-luaileach
██ III. – An Néaróg Shúil-luaileach
██ IV. – An Néaróg Thróicléach/Ulógach/An Néaróg Phatach
██ V. – An Néaróg Thrígheimineach /An Néaróg Dhéadach
██ VI. – An Néaróg Abduchtach
██ VII. – An Néaróg Ghnúiseach
██ VIII. – An Néaróg Éisteachta/An Néaróg Chuaschochlach
██ IX. – An Néaróg Ghlosfharaingeach
██ X. – An Néaróg Lúbach
██ XI. – An Néaróg Choimhdeach/An Néaróg Dhromlaigh
██ XII. – An Néaróg Hipeaglosach
AinmCuir in Eagar
Sa Laidin is nervus cranialis (iolra: nervi craniales) atá orthu.
Na néaróga cráiniachaCuir in Eagar
(Leagan foirmiúil agus gnáthleagan)
- I - An Néaróg Bholtanach
- II - An Néaróg Optach
- III - An Néaróg Shúil-luaileach
- IV - An Néaróg Thróicléach/Ulógach/An Néaróg Phatach
- V - An Néaróg Thrígheimineach /An Néaróg Dhéadach
- VI – An Néaróg Abduchtach
- VII - An Néaróg Ghnúiseach
- VIII - An Néaróg Éisteachta/An Néaróg Chuaschochlach
- IX – An Néaróg Ghlosfharaingeach
- X - An Néaróg Lúbach
- XI – An Néaróg Choimhdeach/An Néaróg Dhromlaigh
- XII – An Néaróg Hipeaglosach
CuimhneolaíochtCuir in Eagar
Sa Chuimhneolaíocht is ann do neamónach le cuimhniú ar na Néaróga Cráiniacha:
Bhí Oilibhéar Saghas Tapa, Deas, Agus Glórmhar, ′Dtí Go Lífeadh Clais Hamstair.
I - B, II - O, III - S, IV - T, V - D, VI - A, VII - G, VIII - D, IX - G, X - L, XI - C, XII - H